Gaelscoil Chill Dara


Go to content

AG FREAGAIRT DO THEAGMHAIS CHRITICÚLA I NGAELSCOILCHILL DARA


AG FREAGAIRT DO THEAGMHAIS CHRITICÚLA I NGAELSCOILCHILL DARA





Réamhrá.
Tarlaíonn eachtraí trá macha i gcuid mhaith scoileanna ag tráth amháin nó ag tráth eile. ‘Sé atá i gceist sa pholasaí seo ná Plean Bainistíochta do Theagmhais Chriticiúla a aontú agus a chur i bhfeidhm. Cuirfear an polasaí os comhair an Chruinnithe Foirne ar an Aoine 1ú Nollaig 2006 agus ag an gcéad cruinniú eile den Bhord Bainistíochta ar an 29ú Eanáir 2007.

2.
Sainmhíniú.
Agus an plean á fhorbairt againn, ní mór dúinn sainmhíniú a thabhairt ar cad is Teagmhas Criticiúil ann. Is féidir féachaint orthu mar theagmhais a sháraíonn gnáth mheicníochtaí déileála na scoile agus a chuireann isteach ar rith na scoile. Ní mar an gcéanna i gcónaí a bheidh an plean á chur i bhfeidhm, nar braithfidh sé sin cuid mhór ar an gcineál teagmhais a bheidh i gceist. Se leanas roinnt rudaí a chuirfeadh isteach ar rith na scoile:
Cailleadh duine de phobal na scoile trí bhás tobann, timpiste nó féinmharú
Timpiste ag baint le daltaí nó baill foirne ag an scoil nó lasmuigh di
Ionsaí fisic iúil ar dhalta(í) nó ar bha(i)ll foirne nó briseadh isteach sa scoil
Dochar tromchúiseach d’fhoirgneamh na scoile de bharr dóiteáin tuillte
Duine de phobal na scoile a dhul ar iarraidh
Timpiste / tragóid sa phobal máguaird.

3.
Foireann Bainistíochta do Theagmhais Chriticiúla
Beidh Foireann Bainistíochta do Theagmhais Chriticiúla ag an scoil. Ar an bhfoireann seo beidh an Príomhoide, Príomhoidí Ionad agus Cúnta, maraon le duine amháin ainmnithe ag an bhfoireann Teagaisc agus duine ainmnithe ag an mBord Bainistíochta. Tiocfaidh an fhoireann le chéile ó am go ham, agus nuair a tharlaíonn teagmhas criticiúil.

4.
Nósanna Imeachta Nach Mór a Leanúint Dá dtarlódh Teagmhas Criticiúil
Seo leanas na gníomhartha gearr théarmacha a leanfar má tharlaíonn teagmhas criticiúil:
Baileofar eolas cruinn
Déanfar teagmháil le gníomh aireachtaí cuí (Seirbhísí éigeandála agus leighis. NEPS, An Bord Bainistíochta, An Roinn)
Beidh cruinniú idir na príomh bhaill foirne agus an fhoireann bainistíochta do theagmhais chriticiúla
Tionólfar cruinniú foirne
Eagrófar tráthchlár don lá
Coimeádfar rudaí mar is gnách chomh fada agus is féidir.
Cuirfear tuismitheoirí ar an eolas
Cuirfear daltaí ar an eolas
Déanfar teagmháil leis an teaghlach atá faoi mhéala
Ullmhófar ráiteas scríofa: fíricí maidir leis an teagmhas, cad atá déanta cheana féin, cad a dhéanfar, eolas dearfach faoin duine atá básaithe.
Ainmneofar duine chun labhairt leis na meáin, más gá. Coinneofar daltaí ar shiúl ó na meáin.
Socraigh teacht le chéile daltaí lena dtuismitheoirí, más gá



Seo leanas na gníomhartha meán téarmacha a leanfar:
Déanfar athbhreithniú iomlán
Eagrófar tacaíocht do dhaltaí aonair, do ghrúpaí de dhaltaí agus do thuismitheoirí más gá
Déanfar plean chun daltaí a thógáil le chéile arís
Tabharfar cuairt orthu siúd a gortaíodh
Déanfar teagmháil leis an teaghlach maidir le socraithe sochraide
Déanfar cinntí faoi rannpháirtíocht sa sochraid
Iarrfar ar an mBord Bainistíochta faoi dhúnadh na scoile.

Seo leanas na gníomhartha fadtéarmacha a leanfar:
Déanfar monatóireacht i gcomhair leis an bhfoireann Chúram ar dhaltaí chun comharthaí a aithint.
Déanfar cinneadh ar bhealaí oiriúnacha chun deighleáil le cothrom lae an teagmhais.






© Copyright B Devlin | gscoilchilldara@eircom.net

Back to content | Back to main menu