Main menu:
Cód Iompair
1. Aidhmeanna:
a) Nuair a bhí an cód seo á scríobh againn smaoiníomar faoi na rudaí atá ag teastáil ó Ghaelscoil Chill Dara . Ba mhaith linn go mbeadh an áit seo sábháilte agus socair, áit gur féidir linn foghlaim agus éirí níos fearr
b) Geallaimid go léir go ndéanfaimid iarracht bheith dearfach agus an maitheas i ndaoine agus rudaí a fheiceáil.
c) An focal is tábhachtaí inár gcód ná ‘meas’. Beidh meas againn ar ár múinteoirí, ar dhaltaí eile, ar ár dtuismitheoirí, ar chuairteoirí, ar rudaí sa scoil agus thar aon rud eile orainn féin
2. Prionsabail:
a)Tuigimid go bhfuil daoine difriúil óna chéile agus is breá linn nach bhfuilimid go léir mar an gcéanna.
b)Aontaímid go léir má bhíonn daltaí dea-mhúinte béasach tarlóidh sé de bharr go bhfuilimid ag obair le chéile, múinteoirí, tuismitheoirí agus páistí
c)Geallaimid go ndéanfaimid ár ndícheall cothrom na féinne a thabhairt do gach duine.
3. Treoracha Scoile:
I. Is Gaelscoil í an scoil seo mar sin labhróimid Gaeilge nuair is féidir linn.
II. Siúlfaimid istigh sa scoil ach amháin sa halla nuair a bhíonn ceacht corpoideachas ar siúl agus beimid an-chiúin nuair atáimid ag bogadh timpeall na scoile mar tá fhios againn go mbeidh páistí eile ag foghlaim
III. Nuair atá am sosa thart siúlfaimid go dtí an line agus seasfaimid ansin go ciúin
IV. Beimid cairdiúil le páistí eile. Beidh meas again ar gach duine fiú amháin iad siúd nach bhfuilimid an cairdiúil leo.
V. Beimid i gcónaí deá-bhéasach agus cairdiúil le múinteoirí agus cuairteoirí.
VI. Beimid an-chúramach i gcónaí le rudaí a bhaineann leis an scoil
VII. Déanfaimid iarracht a chinntiú go gcuireann ár dtuismitheoirí ar scoil in am sinn
VIII. Tabharfaimid nóta don mhúinteoir nuair a chaillimid lá scoile nó níos mó.
IX. Déanfaimid ár ndícheall sa rang foghlaim mar a thaispeánann ár múinteoir dúinn
X. Fágfaimid aon ghuthán soghluaiste nó bréagáin sa bhaile. Tuigimid go bhfuil cead ag an scoil iad a thógáil uainn más gá ar feadh coicíse.
XI. Cuirfimid stop le bulaíocht sa scoil. Má fheicimid é déarfaimid le múinteoir láithreach
"NÍ BHEIDH AON BHOBAIREACHT i NGAELSCOIL CHILL DARA"
4. Clár Ama na Scoile
08.50 Teacht ar scoil
09.00
Ranganna ag tosú
10.45
Sos
11.00
Ranganna
12.30
Sos
13.00
Ranganna
13.40
Téann Naíonáin abhaile
14.40
Téann Ranganna 1-6 abhaile
Obair Bhaile
Faighimid obair bhaile de ghnáth i rith na seachtaine. Ní ghá go bhfaigheadh daltaí obair bhaile gach oíche. Na fáthanna atá le obair bhaile ná:
Cabhrú linn foghlaim níos fearr
Cabhrú linn obair linn féin
Cabhrú linn bheith cleachta ithe ar obair sa bhaile.
Ní thugtar aon obair bhaile ag an deireadh seachtaine. Leath uaire a thógann obair bhaile Rang 1 agus Rang 2, agus trí cheathrú -uaire i Rang 3 agus Rang 4. Ceartóidh an múinteoir an obair bhaile nuair is féidir léí.. . Níor chóir go dtógfadh obair bhaile Rang 5 agus Rang 6 thar uair a' chloig Mura féidir linn ár gcuid oibre a chríochnú tar éis bheith ag obair tabharfaimid nóta sínithe d/ár mhúinteoir.
Conas a chuirfimid an cód ag obair:
Is féidir le múinteoirí na páistí a mholadh mar seo leanas:
Focal ciúin nó comhartha chun a thaispeáint go ndearna tú iarracht mhaith
Rud scríofa sa chóipleabhar
Cuairt ar mhúinteoir eile nó ar an bpríomhoide chun moladh a fháil
Focal mholadh os comhair ghrúpa nó an ranga
Lipéid nó marcanna chreidiúna a thabhairt
Ligin do na páistí rud speisialta a dhéanamh
Scéal go dtí an tuismitheoir
"Ticéad Fhiúntais" a bhronnadh
Nuair a bhriseann páiste an cód déanfaimid roinnt de na rudaí seo:
Beimid ag caint leis an dalta
Míneoimid don dalta céard a rinne sé / sí mícheart
Tabharfaimid obair bhreise don dalta
Labhróimid le tuismitheoirí an dalta
Ní bheidh cead ag an dalta bheith lena gcairde nó rudaí speisialta a dhéanamh
Beidh ar an dalta dul chuig an príomhoide nó chuig an príomhoide ionad
Beidh nóta ag dul abhaile
Scríobhfaimid faoi sa chóipleabhar speisialta
Beidh ar an dalta a scríobh amach céard a tharla
Cuirfimid an dalta amach as an scoil de réir an Acht Oideachais 1998