Gaelscoil Chill Dara


Go to content

Comhairle na dTuismitheoirí

Tuismitheoirí

Fáilte roimh an gcéad nuachtlitir ó Chomhairle na dTuistí 2011.

I ndiaidh Chruinniú Cinn Bliana Chomhairle na dTuistí, toghadh oifigigh agus baill an Chomhairle nua. Tá ainmneacha agus uimhreacha teagmhála istigh leis an nuachtlitir seo. Beidh an chéad chruinniú eile den Chomhairle ar siúl ar an 8ú Samhain, agus ar an gcéad Déardaoin den mhí ina dhiaidh sin. Má tá ábhar agat don chruinniú, téigh i dteagmháil le hurlabhraí do ranga, nó le Cathaoirleach an Choiste. Is féidir le haon tuismitheoir caint ag cruinniú an choiste aon uair ach é sin a chur in iúl roimhré.

Dioscó na Samhna
Beidh dioscó bréagéadach ar siúl sa scioból ar an Aoine, an 28ú Deireadh Fómhair, ó a 5 go dtí a 7i.n. Beidh cead isteach 2 euro an páiste i gceist. ( Beidh tuismitheoirí freagrach as sábháilteacht agus féitheoireacht a bpáistí féin). Beidh duaiseanna ann do na tuismitheoirí is fearr gléasta suas! Mar sin, bainigí amach na péiriúic agus cuirigí snas ar na fiacla bréagacha…! Spraoi don chlann go léir i ndán daoibh!

Aonach na Leabhar
Ceann de bhuaiceanna na bliana is ea Aonach na Leabhar. Faigheann an scoil céatadán den díolachán ar ais mar leabhair do leabharlann na scoile. Beidh sé ar siúl i mbliana ar an Máirt, an 6ú, agus ar an gCéadaoin, an 7ú de mhí na Nollag. Beidh leabhair ar díol sa scoil ar an dá lá sin, agus ar thráthnóna Chéadaoine beidh spraoi ar leith, le soilsiú an chrainn Nollag, seó puipéad agus seacláid the. Beidh cabhair ag teastáil chun an imeacht seo a chur ar siúl agus má tá tú in ann cabhrú linn in aon chaoi, díol na leabhar nó seacláid the a dhéanamh, téigh i dteagmháil le Marie Walsh ag 086 8166118.


Beidh duaiseanna ag teastáil don chrannchur a thárlaíonn an tráthnóna sin freisin, agus má tá rudaí oiriúnacha agat, beidh fáilte rompu.

Trealamh na Scoile
Tá cupán agus plátaí ag teastáil ó sheomra na dtuistí. Bíonn siad á n-úsáid d’imeachtaí sóisialta uile na scoile, mar shampla, cruinnithe, tráthnóna na dtuistí nua chomh maith leis an gCéad Chomaoineach agus an Cóineartú. Má tá a leithéid agat le tabhairt don scoil, fág iad isteach ag an scoil nó téigh i dteagmháil le baill an Chomhairle. Rud eile atá de dhíth ar an scoil ná trealamh do na laethanta báistí! Aon saghas cluichí boird, Lego, puzail nó éadaí gléasadh suas. Fág iad isteach sa scoil le bhur dtoil.

Gairdín na Scoile
Tá an t-ádh linn go bhfuil daoine iontacha againn atá sásta aire a thabhairt do chúrsaí garraíodóireachta na scoile. Mar thoradh, tá fáilte teolaí le fáil sa scoil, fiú ar an lá is dorcha sa bhliain! Ach, bíonn tuilleadh cabhrach i gcónaí ag teastáil. Más féidir leat ábhar garraíodóireacht a bhronnadh nó má tá uair nó dhó le spáráil agat sa seachtain, b’fhéidir go dtiocfá isteach chun cabhrú leis an obair iontach seo. Téigh i dteagmháil le Máire Brannach ag 087 9297620 nó Susan Murphy ag 087 6552871.

Banna Ceoil
Cuireann an Banna Ceoil go mór leis an scoil. Glacann páistí ó Rang a 3 go Rang a 6 páirt ann. Bíonn ranganna grúpaí ar siúl i rith am scoile ach tá tuilleadh tuismitheoirí ag teastáil chun cabhrú. Má tá aon eolas agat ar uirlisí nó ar chúrsaí ceoil, agus Gaeilge labhartha agat, beidh fáilte romhat! Féach ar an suíomh idirlín chun dul chun cinn na bpáistí go dtí seo a chloisteáil.

Coiste Glas
Tá Gaelscoil Chill Dara an-mhaith ag baint amach na bratacha glasa go dtí seo. I mbliana, beidh na páistí ag obair chun an brat iompair a fháil. Tá súil againn cainteoir ó An Taisce a bheith linn amach anseo chun labhairt leis na tuistí faoin mbealach gur féidir linn cabhrú leis na páistí an brat seo a bhaint amach. Aon eolas eile ó Susan ag 087 6552871.

Is é Mí Ailse Bhrollaigh í an mhí seo agus tá duine dár dtuistí, Sandra, ag déanamh siúlóide sa tSín “ar son na gcailíní”! Is féidir airgead a bhronnadh don chúis fhiúntach seo fós.

Ar deireadh, is baill den Chomhairle sibh go léir, mar thuismitheoirí. Má tá sibh ag iarraidh bheith ar an liosta de chúntóirí d’imeachtaí na scoile, chun cabhrú chun tae a dhéanamh, maisiúcháin a chrochadh, trácht a threorú nó a leithéid, téigh i dteagmháil leis an gcoiste. Beidh fáilte roimh chách!


© Copyright B Devlin | gscoilchilldara@eircom.net

Back to content | Back to main menu