Main menu:
Polasaí Scoile i Leith Éadaí na bPáistí
Conas a ghléasann na daltaí iad féin i gcóir scoile
Caitheann gach dalta ó Rang a hAon ar aghaidh éadach scoile gach lá ach amháin ar laethanta go mbíonn ceacht sa chorpoideachas nó ceacht snámha ag an rang. Caitheann said cultacha reatha ar na laethanta sin.
An Culaith Scoile: Cailíní: Sciorta nó gúna i ndathanna na scoile nó briste dubhghorm, stocaí / riteoga dubhghorma, geansaí dubhghorm, blús bán agus carbhat. Buachaillí: Bríste dubhghorm, geansaí dubhghorm, léine bhán agus carbhat. An Culaith Reatha: Ceann na scoile le t-léine bhuí.
Ón 1ú Meán Fómhair 2005 ní bheidh sé de chead ag cailíní ach stocaí / riteoga dubhghorma a chaitheamh leis an gculaith scoile. Moltar do pháistí bróga "cearta" (seachas bróga reatha) a chaitheamh leis an gculaith scoile ach ní riail é sin.
Níl sé de chead ag aon duine slabhra nó bráisléad a chaitheamh
Tá cead ag daltaí fáinne cluaise (stud) amháin a chaitheamh i ngach cluas agus dhá fháinne méara ar a mhéad. Níl sé de chead ag aon duine rudaí a d'fhéadfadh a bheith contúirteach a chaitheamh. Níl cead aon seodra aghaidh (teanga agus srón san áireamh) a chaitheamh sa scoil. Níl sé de chead ag aon duine hata a chaitheamh sa rang. Nil "Bandanas" ceadaithe.
Má tá gruaig fhada ag aon dalta caithfear é a cheangailt siar.
Leanfar de ag cur smachtbhannai i bhfeidhm ar pháistí a bhriseann an polasaí seo go rialta. Coimeádfar taifead de na daltaí nach mbíonn gléasta i gceart