Main menu:
Gaelscoil Chill Dara,
An Bóthar Glas,
An Currach,
Co. Chill Dara.
‘Fón 045 442300
Uimhir Rolla 20023A
Rolacháin 394
Ár bhfealsúnacht Scoile
Is scoil Chaitliceach, lán Ghaeilge í Gaelscoil Chill Dara atá lonnaithe díreach lasmuigh de bhaile Droichead Nua, i gCo. Chill Dara. Cuirtear ranganna ar fail do pháistí idir 4 agus 13 bliana d’aois. Feidhmíonn an scoil faoi rialacha na Roinne Oideachais agus Eolaíochta agus múintear Curaclam na Bunscoile inti. Faoi láthair tá 394 dalta ar na rollaí agus tá cónaí orthu den chuid is mó i nDroichead Nua, i gCill Dara, i Rath Iomgháin agus i gCill Chuilinn. Tá Gaelscoil eile lonnaithe i Nás na Rí. Tá 18 ar an bhfoireann mhúinteoireachta agus 3 ar an bhfoireann sheachtrach. Eagraítear na daltaí i 15 rang-ghrúpa agus tá beirt mhúinteoir a féachann i ndiaidh páistí le riachtanaisí faoi leith. Is rún linn féin-mhuinín agus meas do dhaoine eile a fhorbairt sna páistí. Bíonn teagmháil rialta ag múinteoirí sa scoil le tuismitheoirí.
Bainistíocht
Feidhmíonn Gaelscoil Chill Dara faoin Acht Oideachais 1998 agus faoi na Rialacha do Scoileanna Náisiúnta a leagann an tAire Oideachais agus Eolaíochta síos. ‘Sé An Foras Pátrúnachta na Scoileanna Lánghaeilge atá mar phátrún ag an scoil. Ó am go chéile ainmníonn an Pátrún Bord Bainistíochta. Ar chúram an Bhoird Bhainistíochta atá rialú díreach na scoile.
Tá Bord Bainistíochta Ghaelscoil Chill Dara comhdhéanta mar seo leanas :
Beirt arna n-ainmniú ag an bPatrún ( Colm Ó Gógáin, Cathaoirleach agus Seán Ó Fearghaíl )
Príomhoide na scoile ( Seán de Paor )(Rúnaí)
Beirt ar thuismitheoir iad ( Tracey Uí Scolaí agus Conor Ó Mathúna)
Esther Ní Choncradha (Ionadaí na Múinteoirí)
Beirt chomhaltaí breise ( Treasa Uí Riagáin agus Proinsias de Paor(Cisteoir) )
Teagmháil
Bíonn oifig na scoile ar oscailt ó 9.00 – 2.30 gach lá. Glaoigh 045 – 442300 nó seol ríomhphost chuig : gscoilchilldara@eircom.net