Main menu:
Obair na bpáistí




Ár Seomra Ranga Álainn:





An Bréagán is fearr liom:




Rang Karen Oíche Shamhna
Bhí an-lá ag Naíonáin bheaga, Rang Karen ar an 23ú Deireadh Fómhair 2009.
Bhí na páistí gleasta suas go hálainn agus bhí sceitimíní orthu go léir.
Chuamar ar shiúlóid síos go dtí geata na scoile agus bhíomar ag croitheadh
lámha ar na carranna a bhí ag gábháil thart. Ansin tháinig Rang a Cúig, Aoife
ar cuairt. Chum na páistí móra dramaí dúinn agus chuir said leabhair bheaga
le chéile agus léigh said na scéalta dúinn. Bhí sé chomh maith.
Tagann said gach Déardaoin agus is breá linn an léitheoireacht leo.
Bhí cóisir bheag again. D’itheamar milseáin agus rinne Mamaí Oscar brioscaí
Oíche Shamhna álainn dúinn. D’ólamar deoch oráiste agus bhíomar lán go
béal.
Tháinig Sponge Bob Square Pants ar cuairt. Bhíomar ag gáire leis. Ag am dul
abhaile bhiomar tuirseach traochta ach sona sásta.




Rang Niamh Oíche Shamhna




Naíonáin Bheaga Rang Karen




Lá na gCrann




Ag léamh le Rang 5







Naíonáin Bheaga Rang Niamh




Gaelscoil Chill Dara
Naíonáin Bheaga
Nuacht Litir na Naíonán 9
Pointí Eolais
Beidh na páistí ag déanamh fuaim amháin in aghaidh na seachtaine as seo amach.
Rinne said an fhuaim “g” an tseachtain seo. Beidh sé an-chabhrach má théann sibh siar ar na focail a thosaíonn le “g” agus dean píosa cleachtadh ar conas an litir a scríobh. Tá bileoga ag na páistí inniu ins na málaí scoile.
Beidh Tráth na gCeist ar siúl ag Comhairle na dTuistí ar an 18ú Samhain i dTeach Lumville ag 8.30.Píosa chraic atá ann. Bí ag smaoineamh ar bhord a chur le cheile. Is slí deas é chun bualadh le tuistí nua i gcomhthéacs sóisialta. Táimid ag tnúth le tinreamh mór.
Tá an aimsir ag éirí níos fuaire. Bí cinnte go bhfuil cóta maith te agus hata ag do pháiste agus gur féidir leo an chóta a chur orthu agus a bhaint díbh.
Focail le fuaim g / Words with g sound
Glas / Green Gáire / Laugh
Gorm / Blue Gol / Cry
Garda /Guard
Gúna / Dress
Gáirdín / Garden
Gloine / Glass
Geansaí / Jumper
Gruaig / Hair
Gual / Coal
Gob / Beak
Grian / Sun
Grianghraf / Photo
Geata / Gate
Giorria / Hare
Is Féidir Liom
Is féidir liom rith,
Is féidir liom suí,
Is féidir liom léim,
Is féidir liom luí.
Is féidir liom ithe,
Is féidir liom ól,
Ach ní féidir liom
Tiomáint go fóill.
Táimse anois ag tógáil tí
Táimse anois ag tógáil tí,
Ag tógáil tí,
Ag tógáil tí,
Táimse anois ag tógáil tí,
Dí aidil aidil éró.
Amhrán – Ar Scoil
Ar scoil, ar scoil, bímid go léir le chéile ar scoil.
Ar scoil, ar scoil, bímid le chéile ann, ar scoil.
Ar scoil, ar scoil, bímid ag léamh, bímid ag scríobh,
Ar scoil, ar scoil, ag léamh is ag scríobh… ar scoil.
Bímid ag obair ann gach lá, ag obair gach lá,
Ag dathú, ag spraoi, ag canadh, ag scríobh, ar scoil gach aon lá.
Ar scoil, ar scoil, bímid go léir le chéile ar scoil.
Ar scoil, ar scoil, bímid le chéile ann, ar scoil.
Paidir – Altú tar éis Bia
Go raibh maith agat, a Dhia,
Mar is tú a thug bia dúinn.
Go raibh maith agat, a Dhia,
Mar is tú a thug cairde dúinn,
Go raibh maith agat, a Dhia,
Mar is tú a thug gach rud dúinn,
Go raibh maith agat, a Dhia. Áiméan
Nuacht Litir na Naíonán 8
Pointí Eolais
1. Imeachtaí tar éis am scoile - Beidh ranganna damhsa ghaelach ar siúl sa halla ag tosú Dé mairt 3/11 ó 1.40- 2.40 , Marion 086 8417189. Tá ranganna Ballet ar siúl sa halla gach Luan ag 3 a chlog Rosa 086 2930137. Tá Sín agus fás ar siúl sa scioból gach Déardaoin le Sonja 087 2436968.
2. Beidh an scoil dúnta go dtí an 2ú de Mhí na Samhna. Rachaidh na páistí abhaile ag 12 a chlog ar an 6ú lá de mhí na Samhna. School will re-open on 2 November and children will go home at 12pm on Friday 6 Nov.
3. Line ar maidin – ón Luan 2-11-09 beidh na páistí ag déanamh líne sa chlós nua os comhair na scoile. Bí cinte go bhfágann tú do pháiste sa líne idir 8.50 agus 9.00 le bhur dtoil.
4. Tuismitheoirí - Beidh tráthnóna caife againn sa halla ag 1.40 Déardaoin 5-11, tosóidh ranganna Gaeilge do dhaoine fásta arís Déardaoin 12ú agus beidh oíche cheoil i O’ Rourkes Droichead Nua ar an 5ú de mhí na Samhna.
5. Lá na Pátrúin – Go raibh míle maith agaibh as bhur dtacaíocht go léir.
6. Mile buíochas as ucht na milseáin ar fad a chur sibh isteach chugainn, táimid fíor bhuíoch díbh.
Abairtí na Seachtaine
Tá eagla orm-I am scared
Tá ocras /tart/brón/tuirse-hungry/thirsty/sorry/tired
Is maith liom-I like
Ní maith liom-I don’t like
Codladh sámh-Good Night
Ag siúl/ag rith/ag titim/ag gol-walking/running/falling/crying
Go raibh míle maith agaibh
Múinteoir Karen agus Múinteoir Niamh
Nuacht Litir na Naíonán 7
Pointí Eolais
1. Lá na gCrann a bhí ann inné, labhair le do pháistí faoi na crainn atá i do cheantar.
2. Oíche Shamhna. Beidh cead ag do pháiste teacht ar scoil gléasta mar phúca, mar chailleach srl ar an Aoine 23ú Dheireadh Fómhair. Rachaidh na páistí abhaile ag 1.40 mar is ghnáth agus beidh an scoil dúnta go dtí an 2 de Mhí na Samhna.
3. Aimsir –
Ar maidin 8.50-9.00 - má tá sé fliuch ar maidin bailíonn na páistí sa scioból, téigh isteach tríd an doras is faide ón scoil.
1.40 - Ag am dul abhaile fiú má tá sé ag cur báistí rachaimid amach le na páistí go bun an chnoic. Bí cinnte de go bhfuil cóta báistí ag do pháiste nuair atá an aimsir go dona.
Abairtí na Seachtaine
Dath: bándearg - pink
Tá an fómhar ann – Autumn is here.
Tá sé críochnaithe agam, a mhúinteoir – I am finished.(my work, my lunch, my picture)
Tá duilleoga ag titim anuas – Leaves are falling down.
An madra – dog
An chearc – chicken
An bhó – cow
An coileach - rooster
Is mise ……., cé thusa? – I am…., who are you?
Is cailín mé/ is buachaill mé – I am a girl/ boy
Go raibh míle maith agaibh
Múinteoir Karen agus Múinteoir Niamh
Nuacht Litir na Naíonán 6
Is Mise an Madra
Is mise an madra
Bhuf, Bhuf, Bhuf !
Is mise an chearc
Tiuc, Tiuc, Tiuc Tá an fómhar ann go raibh maith agat a Dhia
Is mise an bhó
Mú, Mú, Mú
Is mise an coileach
Coc-a –dúdal-dú
Lámha Suas
Lámha suas
Lámha síos
Lámha amach
Lámha isteach
Lámha trasna
Méar ar do bhéal
An Fómhar
Tá an fómhar ann go raibh maith agat a Dhia,
Tá duilleoga ag titim, ag titim anuas, ag titim, titim anuas,
Tá an fómhar ann go raibh maith agat a Dhia
Tá feirmeoir ag obair, ag obair ins an bpáirc, ag obair ins an bpáirc
Tá an fómhar ann
Buíochas leat a Dhia
Tá an fómhar ann go raibh maith agat a Dhia,
Tá duilleoga ag titim, ag titim anuas, ag titim, titim anuas,
Altú roimh Bhia
Beannacht ó Dhia orainne atá ag suí chun boird le chéile,
Beannacht ar an mbia a ithimid inniu,
Beannacht ar na lámha a d’ullmhaigh dúinn é,
Beannacht ó Dhia dílis orainn féin.
Pointí Eolais
Táimid ag obair ar laethanta na seachtaine faoi láthair, bí cinnte go bhfuil said ar eolas ag do pháiste i mBéarla.
Bíonn na páistí ag spraoi le míreanna mearaí ar scoil sa mhaidin, tá said iontach maith do na páistí agus ba choir iad a úsáid sa bhaile, taitníonn sé leo an ceann céanna a dhéanamh arís agus arís eile, bheimis ag súil ag mbeadh gach páiste in ann míreanna mearaí 24 píosa a dhéanamh ag an Nollaig.
Leis an aimsir ag athrú beidh gá le hata agus scaif agus lámhainní ag do phaiste go luath, bi cinnte de go bhfuil ainm orthu agus go bhfuil do pháiste in ann iad a chur orthu agus a bhaint.
Abairtí na Seachtaine
Dath: corcra –purple
Corcra – purple
Ciorclaigh na tacair – circle the sets
Tá mála scoile/peann luaidhe/cóta/bosca lóin agam – I have a school bag/pencil/coat/lunchbox etc.etc
Bí ag éisteacht, le do thoil – listen please
An osclóidh tú mo bhosca lóin dom, le do thoil? – Osclóidh – Go raibh maith agat..
Please open my lunch box-I will open-thank you…
Go raibh míle maith agaibh
Múinteoir Karen agus Múinteoir Niamh
Nuacht Litir na Naíonán 5
Is Róbait Sinn
Curfá; Is róbait sinn go léir,is linne gach rud faoin spéir.
Siúlfaimid oraibh go léir, ní bheidh éinne saor.
Róbat ag ól, x2 róbat ag ithe, x2 róbat ag gol, x2 r4óbat ag gáire, x2.
Curfá
Róbat ag troid,x2
Róbat ag canadh,x2 róbat ag goid,x2 róbat ag stopadh,x2.
Curfá
Ceithre Rón
Ceithre rón thuas ar an gcloch,
Thuas ar an gcloch, Thuas ar an gcloch,
Ceithre rón thuas ar an gcloch-Léim ceann amháin isteach sa loch
Trí rón thuas ar an gcloch…….
Dhá rón thuas ar an gcloch……
Rón amháin thuas ar an gcloch……..
Níl rón ar bith
Thuas ar an gcloch X 3
Níl rón ar bith thuas ar an gcloch,
Tá said go léir ag snámh sa loch!
Seáinín Bocht - Amhrán
Tá pian i mo lámha, a mhúinteoir, a mhúinteoir.
Tá pian i mo lámha, Ní féidir liom scríobh
Ní féidir leat scríobh, a Sheáinín, a Sheáinín?
Ní féidir leat scríobh?...An féidir lear léamh?
Tá pian i mo shúile, a mhúinteoir, a mhúinteoir.
Tá pian i mo shúile; Ní féidir liom léamh.
Ní féidir leat léamh? a Sheáinín, a Sheáinín?
Ní féidir leat léamh?...An féidir lear éisteacht?
Tá pian i mo chluasa, a mhúinteoir, a mhúinteoir.
Tá pian i mo chluasa; Ní féidir liom éisteacht.
Ní féidir leat éisteacht, a Sheáinín, a Sheáinín?
Ní féidir leat éisteacht?...An féidir leat ithe?
Is féidir liom ithe, a mhúinteoir, a mhúinteoir.
Ba bhreá liom seacláid, milseáin, líomanáid.
Ba bhreá liom seacláid, milseáin, líomanáid.
Le Dominic Ó Braonáin
Pointí Eolais
1.Go raibh mile maith agaibh do na grianghraif ata faighte againn go dtí seo- Tá grianghraf de do pháiste mar bhabaí ag teastáil uainn, seol cóip isteach chugainn go luath le bhur dtoil.
2. Ná dean dearmad féachaint ar www.gaelscoilchilldara.com (buíochas le Barbara) agus An Nationalist 23-9-2009.
3. Ranganna do thuismitheoirí lán anois ach beidh ranganna ag tosú arís i mí na Samhna.
4. Comhairle na dtuismitheoirí - Beidh tráthnóna caife againn sa scoil Déardaoin 1-10-09.o 1.45 go dtí 2.40. Cruinniú Cinn Bliana 28-9 ag a hocht.
5 Le bhur dtoil ná tabhair cnónna do do pháiste don lón mar ní oireann said do gach páiste sa rang.
6. Rachaidh na páistí go léir abhaile ag 12 a chlog Dé hAoine 2-10-2009. Tá fáilte romhat do pháiste a bhailiú ón seomra ranga ag 11.55.
7. Is aoibhinn lena páistí a bheith ag féachaint ar an teilifís agus tá cláir mhaithe ar siúl ar TG4! Bain triall astu.
8. Tá roinnt de na páistí tuirseach traochta na laethanta seo, bí cinnte go dtéann said a chodladh luath go leor.
7. Abairtí Simplí na Seachtaine
Dath: oráiste- orange
Caithfidh mé/tú ….. a fháil- I/ you (sing.) must get …….(cóta, mála scoile srl)
Seo duit- here you go(while giving something)
Tá/ Níl…. Agamsa-I do/ don’t have ………. (Crián dearg/ crián buí)
Gabh mo leithscéal – excuse me ( when looking to talk to someone)
Go raibh mile maith agaibh
Múinteoir Karen agus Múinteoir Niamh
Caithfidh mé
1. Caithfidh mé mo mhála a fháil,
Mo mhala a fhail, mo mhála a fhail,
Caithfidh mé mo mhála a fháil,
Tá mé ag gabháil ar scoil.
2. Caithfidh mé mo leabhar a fháil,
Mo leabhar a fhail, mo leabhar a fhail,
Caithfidh mé mo leabhar a fháil,
Tá mé ag gabháil ar scoil
3. Caithfidh mé mo lon a fháil,
Mo lón a fhail, mo lón a fhail,
Caithfidh mé mo lón a fháil,
Tá mé ag gabháil ar scoil
An Haka Gaelach
Uillinn dheas, uillinn chlé,
Bualadh bos, bualadh bos.
Gualainn dheas, gualainn chlé,
Bualadh bos, bualadh bos.
Lámha ar na glúine,
Cromaigí, cromaigí.
Lámha in aired,
Éirígí, éirígí!
Síos ar na glúine,
Lámha ar na cluasa.
Bualadh bos, bualadh bos,
Léimigí suas…. Sea!
Paidir na Maidine
A Dhia, tá grá agat dom.
Bíonn tú liom de lá is d’oíche,
Ba mhaith liom grá a thabhairt duit
Gach nóiméad den lá
Ba mhaith liom tú a shásamh
A Athair, cabhraigh liom. Áiméan
Críost liom
Críost romham
Críost i mo dhiaidh
Críost ionam
Críost ar mo lámh dheas
Críost ar mo lámh chlé
Críost i mo chuideachta is cuma cá dtéim
Críost mar chara agam anois is go buan.
Áiméan
Nuacht Litir na Naíonán 3
Pointí Eolais
1. Bhí sé go hálainn sibh a fheiceáil ag an gcruinniú, mile buíochas daoibh go léir.
2. Tá grianghraf de do pháiste mar bhabaí ag teastáil uainn, seol cóip isteach chugainn go luath le bhur dtoil.
3. Beidh na páistí ag úsáid siosúr ar scoil as seo amach, le bhur dtoil ceannaigh siosúr atá oiriúnach do do pháiste agus cleachtaigh leo sa bhaile.
4. Bígí ag léamh sa bhaile. Leigh, léigh, léigh.
5. Cuir ainm do pháiste ar gach uile rud a bhaineann leis/léi le bhur dtoil
Mar shampla, cóta, mála, geansaí, bosca loin srl. Agus bí cinnte de go féidir leo iad a oscailt agus a dhúnadh.
6. Bheinn faoi chomaoin dá bhféadfadh sibh bosca Pringles beag folamh a chur isteach chugam má tá a leithéid agat sa bhaile.
7. Abairtí Simplí na Seachtaine
Dathanna: dearg- red gorm- blue
Ceangail na daiseanna – join the dashes
Cé hí seo? – Seo í Síofra./….Who is this(feminine)? This is…
Cé hé seo? – Seo é Séan/……..Who is this (masculine) This is….
Dia duit – Dia is Muire duit. Hello- Hello (Response)
Go raibh mile maith agaibh
Múinteoir Karen agus Múinteoir Niamh
Cuimil do Bhosa
Cuimil do bhosa,
Cuimil do bhosa,
Suas is síos!
Dún do lámha,
Oscail do lámha,
Dún is oscail arís
Dorn ar dhorn,
Dorn ar dhorn,
Suas, suas, suas!
Is buaiol do bhosa,
Buail do bhosa,
Thuas, thuas, thuas.
~~~~~~~~~ Róisín Bheag ag gabháil ar scoil
Tá Róisín bheag ag gabhail ar scoil,
Ag gabhail ar scoil, ag gabhail ar scoil,
Tá Róisín bheag ag gabhail ar scoil,
Is a mála ar a droim.
Ins mála tá cóipleabhar,
Tá cóipleabhar.
Ina mála tá cóipleabhar,
Peann Luaidhe agus criáin.
Istigh sa scoil tá múinteoir,
Tá múinteoir, tá múinteoir,
Istigh sa scoil tá múinteoir,
‘Dia is Muire duit, a Róisín’.
Ina rang tá buachaill nua,(gasúr úr)
Buachaill nua, buachaill nua,(gasúr úr, gasúr úr)
Ina rang tá buachaill nua, (gasúr úr)
Cara nua(úr) do Róisín.
~~~~~~~~~
Nuacht Litir na Naíonán 2
Pointí Eolais
1.Déanaimid líne ar scoil gach lá. Ciallaíonn sé sin - line díreach, páiste i ndiaidh páiste, méar ar do bhéal, ciúnas iomlán, lean an páiste os do chomhair amach go ciúin. Spreag do pháiste chun na pointí seo a thuiscint.
2. Glanann gach páiste suas tar éis am lóin. Cuireann said gach rud ar ais ins na málaí scoile. Beidh dhá lón an tseachtain seo chugainn.
3. Míle buíochas as ucht na boscaí Pringles a tháinig isteach go dtí seo. Tá níos ag teastáil. Seol isteach iad le bhur dtoil.
4. Beidh cruinniú ranga ar an Luan seo chugainn 14ú Meán Fómhair sa seomra ranga ag a hocht a chlog.
5. Ón Luan ar aghaidh beidh na páistí ag siúl amach i líne go bun an chnoic ag am dul abhaile.
6. Go raibh maith agat as ucht an €84.00 .Má tá dearmad déanta agat seol isteach go luath le do thoil.
7. Obair na Seachtaine
Dathanna – Glas/Buí- green/ yellow
Comhartha na Croise (In ainm an Athar agus an Mhic agus an Spioraid Naoimh Amen)
Tá Téidí ag siúl / ag rith / ag ithe / ag ól / ina chodladh
Mar an gcéanna – the same as
i lár an bhoird – in the middle of the table
Go raibh mile maith agaibh
Múinteoir Karen agus Múinteoir Niamh
Ceann Gualainn, Glúin ‘s Cos
Ceann gualainn, glúin ‘s Cos, glúin ‘s cos,
Ceann gualainn, glúin ‘s Cos, glúin ‘s cos,
Agus súile, cluasa, béal agus srón,
Ceann gualainn, glúin ‘s Cos, glúin ‘s cos,
Lámha, Bosa
Lámha, bosa,
Glúine, cosa,
Buail do bhosa
Ar do chosa.
Buail Bos
Buail bos,
Gread cos,
Cas timpeall,
glac sos.
Táim ar Scoil
Ó is maith liom dul ar scoil, x2
Mála scoile ar mo dhroim, x2
Táim ar scoil, Táim ar scoil, táim ar scoil anois. X2
Nuacht Litir na Naíonán 1
Pointí Eolais
1. Cuir ainm do pháiste ar gach uile rud a bhaineann leis/léi le bhur dtoil
Mar shampla, cóta, mála, geansaí, bosca loin srl. Agus bí cinnte de go féidir leo iad a oscailt agus a dhúnadh.
2. Beidh corpoideachais ag do pháiste gach Máirt agus Déardaoin, bí cinnte go gcaitheann do pháiste
bróga spóirt ar na laethanta sin.
3. Ná lig do do pháiste bréagáin, dathanna, leabhair a thabhairt ar scoil lá ar bith más é bhur dtoil é, tá dóthain bréagáin oideachasúil , fearas ealaíne agus leabhair léitheoireachta agus oibre ar fáil sa rang.
4. Bheinn faoi chomaoin dá bhféadfadh sibh bosca Pringles beag folamh
a chur isteach chugam má tá a leithéid agat sa bhaile.
5. Beidh na páistí ag dul abhaile ag a 12 a chlog don chéad coicís agus ansin ag 1.40 leis na naíonáin mhóra.
6. Beidh cruinniú ranga ar an Luan 14 Meán Fómhair sa seomra ranga ag a hocht a chlog.
7. Abairtí Simplí na Seachtaine
Go raibh maith agat- Tá fáilte romhat
An bhfuil cead agam dul go dtí an leithreas?- Tá cead agat
Go raibh mile maith agaibh,
Múinteoir Karen agus Múinteoir Niamh
Rólaí Pólaí
Rólaí Pólaí, Rólaí Pólaí,
Suas, suas, suas,
Rólaí Pólaí, Rólaí Pólaí,
Síos, síos, síos.
Rólaí Pólaí, Rólaí Pólaí
Amach, amach, amach,
Rólaí Pólaí, Rólaí Pólaí
Isteach, isteach, isteach.
Rólaí Pólaí, Rólaí Pólaí
Go mall, go mall, go mall.
Rólaí Pólaí, Rólaí Pólaí
Go tapaidh, go tapaidh, go tapaidh
Agus lámha trasna.
~~~~~~~~~
Lámh Lámh Eile
Lámh, lámh eile,
a haon a dó,
Cos, cos eile,
a haon a dó,
Súil, súil eile,
a haon a dó,
Cluas, cluas eile,
a haon a dó,
Ceann, srón, béal, smig,
Agus fiacla bána im’ bhéal istigh