Main menu:
14 Bealtaine 2010
A Thuismitheoir, a chara,
Beatha agus Sláinte! Is mian liom d'aird a tharraingt ar na nithe seo a leanas:
1. Claisic Gailf na Gaelscoile
Beidh an t-imeacht se ar siúl ar an 25/6/10, i nGalf-Chumann Chill Dara. Cosnaíonn sé €250 arís i mbliana. Don mhéid sin faigheann tú lá ion.tach gailf agus béilí do cheathrar. Gach eolas ó oifig na scoile.
2. Laethanta Saoire an tSamhraidh - Athrú
Deimhním go meidh laethanta saoire an tSamhraidh ag tosú ar an Déardaoin, 24ú Meitheamh ag 12
3. Lá Spraoi sa Pháirc
Tá Comhairle na dTuismitheoirí ag eagrú imeacht speisialta i mbliana don chéad uair – Lá Spraoi le Bairbiciú ar pháirc imeartha na scoile ar an 18ú Meitheamh idir 5-9 pm. Is léir go mbeidh sé go hiontach mar imeacht don teaghlach go léir agus iarraim oraibh tacú leis.
4. Comhgairdeachas!
Comhgairdeachas le Rang 4 Jenny a bhuaigh comórtas na hirise i Seachtain na Gaeilge
5 Buíochas!
Go raibh míle maith agat do na tuismitheoirí go léir a chabhraigh linn an scoil a ullmhú do chuairt an Uachtaráin tamaill ó shin. Is féidir grianghraif ón gcuairt a fheiceáil anseo
6. Saicrimintí
Guímid gach rath ar dhaltaí Rang 6 agus a múinteoir Norma a bheidh ag gabháíl don Chóineartú amárach, 15ú Bealtaine agus do dhaltaí Rang 2 agus dá múinteoirí Eibhlín agus Mairéad a bheidh ag glacadh Céad Comaineach ar an 22ú Bealtaine
Seán de Paor, Príomhoide
22 Márta 2010
A Thuismitheoir, a chara,
Beatha agus Sláinte! Is mian liom d'aird a tharraingt ar na nithe seo a leanas:
Dúnadh Scoile
Beidh an scoil dúnta ag 12.00 ar an Déardaoin 25ú (Cruinniú Foirne faoi M.S.U)agus ar an Aoine 26ú. (Laethanta Saoire na Cásca ag tosú). Beidh gnáth lá scoile ann ar an Mháirt 23ú
Lá Gan Éide Scoile 26ú Márta!
Beidh ‘Lá gan Éide Scoile’ againn Dé hAoine seo chugainn. Iarraim ar gach clann €2 a chur isteach. Beidh an t-airgead seo ag dul go dtí Tara Projects atá ag tógáil dílleachtlann i Nairobi, Kenya an Samhradh seo.
Suíomh Idirlín www.gaelscoilchilldara.com
Tá ós cionn 89,000 ‘buillí’ déanta ar an suíomh le bliain anuas, cuid acu a thíortha éagsúla ar fud an domhain. Buíochas mór le Barbara Devlin as an suíomh a riaradh. Freisin déan teagmháil linn gscoilchilldara@eircom.net
Laethanta Saoire
Tosóidh laethanta saoire na Cásca ar an Aoine 26ú Márta ag 12.00 agus osclóimid arís ar an 12ú Aibreán ag 9.00. Guím Cáisc Shona ar gach duine
.
Páistí Nua
Beidh an cruinniú do thuismitheoirí nua ann ar an Déardaoin 15ú Aibreán ag 8.00 sa Halla. Bí cinnte go bhfuil aon deartháireacha / deirfiúracha óga cláraithe leis an oifig led’thoil
Bulaíocht
Ní ghlacaimid le haon bhulaíocht i nGaelscoil Chill Dara. Tá an polasaí le feiceáil ar an suíomh idirlíon agus sa dialann obair bhaile. Má cheapann tú riamh go bhfuil do pháiste mar íobartach led’thoil dén teagmháil linn láithreach
Céad Aithrí
Go néirí go geal le daltaí Rang a 2 a bheidh ag déanamh a gcéad aithrí ar an Déardaoin seo chugainn, 25ú Márta ag 7.00 i Halla na Scoile
3 Feabhra 2010
A Thuismitheoir, a chara,
Beannachtaí ón scoil! Is mian liom d'aird a dhíriú ar na nithe seo leanas:
Vacsaíniú in Aghaidh Fhliú na Muc do Pháistí ar Scoil
Díreach le cur i gcuimhne duit go bhfuil an vacsaíniú ar siúl sa scoil amárach, Déardaoin 4ú Feabhra. Tosóidh an vacsaíniú timpeall a deich a chlog agus beidh sé ar siúl sa bhfoirgneamh nua. ‘Sé polasaí na scoile ná glaoch ar thuismitheoirí má bhíonn aon pháiste tinn i rith an lae.
Lá gan Éide Scoile – ar son Haiti- Dé hAoine 5ú Feabhra
Bhí na páistí ag iarradh rud éigin a dhéanamh ar son Haiti agus d’iarr siad orainn Lá gan Éide Scoile a eagrú ar an Aoine seo chugainn . Tuigim go bhfuil go leor agaibh tar éis tacú leis an iarracht seo cheana féin. Mar sin má tá gach clann ábalta €2 nó mar sin a chur isteach bheadh sé ar fheabhas.
Seisiún Ceoil
Tá ard-chaighdeán bainte amach ag banna ceoil thuismitheoirí na scoile agus is fiú go mór éisteacht leo. Tá siad ag seinm in O’Rourke’s, An Príomh Shráid, Droichead Nua oíche amárach, 4ú Feabhra ag 9.00. Saor chead isteach.
Dúnadh Scoile
Beidh an scoil dúnta ag 12.00 ar an Aoine 5ú Feabhra, dúnta don lá ar fad ar an Luan 8ú Feabhra agus dúnta le haghaidh briseadh lártéarma ar an Déardaoin 18ú agus Aoine 19ú Feabhra.
Polasaithe Scoile
Tá polasaithe na scoile, Polasaí Um Chosaint Leanaí san áireamh, le léamh ar an leathanach Polasaithe na Scoile. Tá sé tábhachtach go mbeadh tuismitheoirí ar an eolas faoi pholasaithe na scoile
Go raibh míle maith agat,
Is mise, le meas,
___________________Seán de Paor, Príomhoide
28 Eanáir 2010
A Thuismitheoir, a chara,
Beannachtaí ón scoil! Is mian liom d'aird a dhíriú ar na nithe seo leanas:
Cruinnithe le Tuismitheoirí
De ghnáth buaileann gach múinteoir le tuismitheoirí a daltaí ar bhonn ‘aon le haon’ sa tráthnóna ag an am seo den bhliain. Go mí-ámharach i mbliana tá srian curtha ag ceardchumann na múinteoirí, an CMÉ, ar chruinnithe den tsóirt taobh amuigh d’am scoile mar chuid dá fheachtas obair de réir rialach in aghaidh cinntí a rinne an rialtas le déanaí. Toisc go bhfuil an méid sin ama mhúinteoireachta caillte cheana féin i mbliana, tá cinneadh déanta ag an mBord Bainistíochta gan na cruinnithe úd a eagrú i mbliana. Mar is cuimhin le tuismitheoirí bhuail gach múinteoir le tuismitheoirí a ranga ag tús na bliana, agus beidh cruinnithe le tuismitheoirí na Naíonáin Bheaga i Mí Meitheamh chun an próifíl BIAP a chur le chéile. Ar ndóigh is féidir le h-aon tuismitheoir cruinniú a lorg leis an múinteoir ach glaoch a chuir ar an oifig chun coinne a shocrú. Tá an-bhrón orm faoin gcinneadh seo, a deineadh tar éis duli gcomhairle le Comhairle na dTuismitheoirí agus atá i bhfeidhm don scoilbhliain seo amháin
Naíonra i nGaelscoil Chill Dara
Tá sé socraithe ag an nBord Bainistíochta go mbeidh Naíonra lánGhaeilge ag oscailt ar láthair na scoile sa bhliain scoile 2010/2011. Táim ag iarraidh anois ar dhaoine le cáilíochtaí cuí cur isteach ar phost mar Stiúrthóir no Cúntóir sa Naíonra. Cuir iarratais, i scríbhinn roimh 19 Márta 2010 maraon le CV chuig: An Príomhoide, Gaelscoil Chill Dara, An Bóthar Glas, An Currach, Co. Chill Dara. Led’thoil ná cuir iarratais ar áiteanna do phaistí sa Naíonra fós.
Scoileanna Caitliceacha.
Tá sé curtha in iúl dom ag roinnt tuismitheoirí go raibh díomá orthu nár cuireadh ainm Ghaelscoil Chill Dara ar liosta de scoileanna Caitliceacha a foilsíodh ar Nuachtlitir Pharóiste Naomh Chonnla, Droichead Nua le déanaí. Tá cainteanna ar siúl leis an bParóiste faoi seo ach is féidir liomsa a dheimhniú go bhfuil an éiteós Chaitliceach réimnithe go buan sa scoil agus níl sé i gceist é sin a athrú. Ar ábhar gaolmhar, ceiliúrfaidh an Ath. Ruairí Aifreann Lá ‘le Bríde i halla na scoile Dé Luain seo chugainn ag 10.00
Poncúlacht
Táim buíoch de na tuismitheoirí a chinntíonn go bhfuil a bpáistí ar scoil in am gach maidin. Ba chóir páistí a bheith sa chlós ó 8.50 go 9.00.
Ticéid don bhus nach bhfuil in úsáid
Led’thoil cuir ar ais ticéid nach bhfuil ag teastáil nó in úsáid. Is féidir na ticéid seo a fhágáil san oifig.
Vaicsiniú in Aghaidh Fhliú na Muc do Pháistí ar Scoil
Beidh vaicsiniú ar siúl do pháistí sa scoil ar an Déardaoin, 4ú Feabhra. Led’thoil líon isteach an fhoirm atá leis an litir seo agus cuir ar ais go dtí an múinteoir í. Ní bheidh tuismitheoirí i láthair nuair atá an vaicsíniú ar siúl. Más maith leat bheith in éineacht le do pháiste socraigh coinne trí www.swineflu.ie nó trí d’Ionad Sláinte áitiúil
Go raibh míle maith agat,
Is mise, le meas,
___________________Seán de Paor, Príomhoide
20 Eanáir 2010
A Thuismitheoir, a chara,
Beannachtaí ón scoil! Is mian liom d'aird a dhíriú ar na nithe seo leanas:
“Athbhliain Faoi Mhaise”
Cé go bhfuil sé beagáinín déanach anois is mian liom gach rath a ghuí ort féin agus ar do chlann do 2010. Tá brón orm gur chailleamar laethanta scoile ón 7ú -13ú Eanáir. Ní raibh aon dul as ag an mBord ach an scoil a dhúnadh na laethanta sin. Níor tharla rud mar é riamh roimhe seo I saol na scoile agus tá súil agam nach dtarlóidh sé arís. Ach gabhaim buíochas leis na tuismitheoirí a bhí chomha tuisceanach agus leo siúd a ghlaoigh ar an scoil ag tairiscint cabhrach.
Cúpla Dúnadh Scoile
Roimh na Nollag fuaireamar amach go bhfuil an scoil roghnaithe ag an Roinn go ndéanfar Meastóireacht Scoile Uile uirthi. Foilseofar tuairisc na meastóireachta in am tráth. Mar chuid den phróiseas tá orainn cúpla cruinniú a bheith againn leis na cigirí. Mar sin rachaidh na páistí go léir abhaile ag 1.15 Dé Máirt, 26ú Eanáir agus Dé Máirt 23ú Márta. Beidh an scoil dúnta don lá iomlán ar an Luan 8ú Feabhra, Lá Pleanála Scoile.
Dátaí na Sacraimintí.
Seo leanas na dátaí do na sacraimintí i mbliana:
Céad Fhaoistin (Rang 2): 25/3/2010, 7.00 pm Halla na Scoile
Céad Comaoineach(Rang 2): 22/5/2010, 12.00 nóin Séipéal Naomh Bríd, An Currach. (Dáta athraithe ar iarratas ón Sagart Paróiste)
Searmanas an tSolais(Rang 6): 22/4/2010 7.00 pm Hall na Scoile
Cóineartú(Rang 6): 15/5/2010, Sépeál Naomh Bríd, An Currach
Ranganna Gaeilge
Beidh ranganna do thuismitheoirí ag tosú arís ar an Déardaoin, 25ú Feabhra 8.00 – 9.30 sa scoil
Is mise le meas
___________________
Seán de Paor, Príomhoide
3 Samhain 2009
A Thuismitheoir, a chara,
Beannachtaí ón scoil! Is mian liom d'aird a dhíriú ar na nithe seo leanas:
“Lá an Phátrúin 2009”
Bhailíomar €1,153 ó na páistí Dé hAoine, 23/10/09 agus tá seic don mhéid sin curtha ar aghaidh againn go dtí An Foras Pátrúnachta. Go raibh míle maith agaibh. Tá grianghraif de na páistí gléasta suas le feiceáil anseo. Buochas mór le Barbara a ghlac na grianghraif agus buíochas chomh maith leis na traenálaithe chapaill áitiúla a bhí lánsásta comhoibriú linn ar an lá.
Polasaí Úsáide Inghlactha
Tá ríomhairí á n-úsáid ag gach rang sa scoil búichas do Chomhirle na dTuismitheoirí agus tá aáthas orm a rá go bhfuil an Roinn tar éis €25,000 a thabhairt dúinn le haghaidh ríomhairí sna seomraí nua. Led’thoil léigh an polasaí atá leis seo a bhainaeann leis an idirlíon, sínigh é agus cuir ar ais go dtí an múinteoir é.
Comhairle na dTuismitheoirí.
Toghadh ns daoine seo leanas ag cruinniú den choiste le déanaí:
Cathaoirleach – Aisling Uí Laoire
Leas Cathaoirleach – Adrian O’Murchú
Cisteoir – Alan O’Conaill
Rúnai – Aisling Nic Uidhir
Go néirí go geal leis an gCoiste nua agus iarraim oraibh tacú leo
Ranganna Gaeilge
Beidh ranganna do thuismitheoirí ag tosú arís ar an Déardaoin, 12ú Samhain 8.00 – 9.30 sa scoil
Tráthnóna Caifé
Beidh tráthnóna caife ar siúl do thuismitheoirí sa halla amárach, 5ú Samhain ag 2.00
Tráth na gCeist Bord.
Tá Comhairle na dTuismitheoirí ag eagrú Tráth na gCeist iI Lumville House ar an 18ú Samhain ag 8.30. Fáilte roimh cách. Ba bhreá leo spotduaiseanna freisin má tá aon rud le spáráil agat.
Dúnadh Dé hAoine 6/11/09 ag 12.00 nóin
Tá cruinniú foirne ag na múinteoirí Dé hAoine seo chugainn, 6ú Samhain. Le cúpla bliain anuas bhíodh leath de chruinniú na Samhna á reáchtáil tar éis gnáth-am scoile ach tá treoir tugtha ag Cumann Múinteoirí Éireann gan cloí leis an nós seo a thuilleadh. Mar sin beidh na páistí ag dul abhaile ag 12.00.
Is mise le meas
___________________
Seán de Paor, Príomhoide,