Main menu:
Obair Bhaile
Tugtar obair bhaile de ghnáth do ghach dalta i rith na seachtaine. Ní ghá go bhfaighidh páistí obair bhaile gach oíche.
Na fáthanna atá le obair bhaile ná :
An obair a dhéantar sa rang a threisiú ;
An páiste a spreagadh le obair go neamhspleách ; agus
Nósanna an staidéir a chothú sna páistí
Ní thugtar aon obair bhaile ag an deireadh seachtaine. Leath-uaire a thógann obair bhaile i Rang 1 agus Rang 2, agus trí –cheathrú uaire i Rang 3 agus Rang 4. Ceartaítear obair Bhaile an chéad lá eile. Ceartaítear obair scríofa go rialta.
Ní chóir go dtógfadh obair bhaile Rang 5 agus Rang 6 thar uair a’ chloig. Sa chás nach n-éiríonn le dalta a c(h)uid oibre a chríochnú tar éis bheith ag obair ar feadh na tréimhsí luaite glacfaidh an múinteoir le nóta mhínithe an chéad lá eile, sínithe ag an tuismitheoir.