Main menu:
Polasaí na Scoile i Leith chumarsáid le tuismitheoirí
Ag tús na scoilbhliana iarrtar ar thuismitheoirí a shoiléiriú ar an bhfoirm ‘Foirm Eolas Faoi Theaghlaigh’, cén áit ar chóir litreacha, scéalta ón scoil a chur.
Déanfar soiléir ar an bhfoirm chéanna go bhfuil sé mar dhualgas ar na tuismitheoirí a chur in iúl don scoil i scríbhinn má thagann athrú ar an teagmhálaí i rith na bliana.
Má tá easaontas idir thuismitheoirí faoin teagmhálaí ainmnithe, cuirfear litreacha / scéalta go dtí an seoladh ag a bhfuil an páiste / na páistí ina (g)c(h)ónaí an chuid is mó den am.
Cuirfear téacsanna oifigiúla chuig an tuismitheoir / caomhnóir lena bhfuil an páiste /na páistí ina (g)c(h)ónaí i rith na seachtaine nuair atá an páiste / na páistí ar scoil
Níl an scoil ag glacadh aon taobh ar leith i gcás easaontais.
Leanfaidh an scoil aon treoir a thugtar thugann cúirt aitheanta di i gcás easaontais