Gaelscoil Chill Dara


Go to content

Polasaí Rolacháin



Polasaí Rolacháin Ghaelscoil Chill Dara





I spioraid na pairtnéireachta idir bhainistíocht, múinteoirí agus tuismitheoiri, agus ag freagairt do na h-ídéil a bhí ag na tuismitheoirí a bhunaigh an scoil agus atá ag pobal labhartha na Gaeilge agus ag Foras Pátrúnachta na Scoileanna Lánghaeilge, a dhírigh ar an éileamh le haghaidh oideachais trí Ghaeilge do chlanna a labhraíonn Gaeilge agus dóibh siúd a bhfuil suim acu sa Ghaeilge, agus i dtiún le sainmheon Chaitliceach na scoile, is mian le Gaelscoil Chill Dara feidhmiú ar son leas na bpáistí agus iad mar fhoghlaimeoirí ghníomhacha. Scoil aitheanta faoin Acht Oideachais is ea Gaelscoil Chill Dara agus tá sí freagrach do riachtanais an Achta sin. Is é An Foras Pátrúnachta pátrún na scoile agus maoinítear í ag an Roinn Oideachais agus Scileanna.





i Bunscoil is ea Gaelscoil Chill Dara a mhúineann páistí ó Rang Naíonáin Shóisearacha go Rang 6. Tá dhá rang-ghrúpa i ngach bliain ó Naíonáin Shóisearacha go Rang 6. ‘Sé an polasaí atá glactha ag an mBord Bainistiochta ná nach mbeidh ach dhá rang-ghrúpa agus gan dul thar an méid sin sna blianta amach romhainn

ii Múintear idir bhuachaillí agus cailíní sa Ghaelscoil.

iii ‘Sí an Ghaeilge teanga teagaisc agus riaracháín na scoile agus cleachtaíonn an scoil an córas An Luath Thumoideachais Iomláin Tosaítear ar mhúineadh an Bhéarla sa tríú seachtain de Naíonáin Shinsearacha. Níl eolas ar an nGaeilge riachtanach do pháistí sula dtagann siad go dtí an scoil, ach tá sé inmhianaithe

iv Scoil phoiblí gan táillí is ea Gaelscoil Chill Dara

v Tá rolacháin i nGaelscoil Chill Dara ar fáil d’aon pháiste a shásaíonn na critéir leagtha amach sa doiciméid seo agus a léiríonn meas do shainmhoeon agus d’aidhmeanna na scoile

vi Cé go bhfuil sainmheon Caitliceach ag an scoil, cuirtear fáilte roimh páistí ó chúlra reiligiúnach éagsúil nó roimh páisti nach bhfuil aon reiligiúin acu.

vii Cuirtear fáilte roimh páisti le máchail nó le riachtanas speisialta eile sa tslí céanna le pásití eile.

viii Caithfidh gach páiste bheith tar éis a c(h)eathrú lá breithe a shroichint roimh an 1ú Aibreán sa bhliain ina dtosaíonn sé / sí sna Naíonáin Shóisearacha

ix Úsáídeann Gaelscoil Chill Dara córas Liostaí Iontrála Il-bhlianta chun áit a chur ar fáil sna Naíonáin Shóisearacha (ag aois 4 bliana agus 5 mhí nó níos sine) i.e. tig le tuismitheoir Foirm Iarratais a líonadh isteach roinnt blianta roimh ré. Mar sin féin tá sprioc –am de dheireadh Mhí na Nollag i gceist dóibh siúd a bheidh ag tosú an Lúnasa dár gcionn. Tá an módh imeachta d’iarratais ar áiteanna sna Naíonáin Shóisearacha mínithe in aguisín ag deireadh na cáipéíse seo.


x Is riachtanas é go mbeidh an Fhoirm Iarratais líonta go hiomláin agus is feidir í a chur ar ais go dtí an scoil ag am ar bith.. Níl aon slí eile gur féidir ‘ainm do pháiste a chur síos’ don Ghaelscoil.

xiiTá Foirmeacha Iarratais ar fáil ón oifig sa Ghaelscoil. Tá siad ar fáil freisin ar shuíomh idirlín na scoile www.gaelscoilchilldra.com faoin rango ‘Foirmeacha’

xii Glacann an scoil le h-iarratais freisin, faoi na cúinsí chuí, thar ceann pháisti atá ag iarraidh clárú le haghaidh rang eile sa scoil (Naíonáin Shinsearacha suas go Rang 6) agus go háirithe rompu siúd atá ag teacht ó Ghaelscoileanna eile. Tá nios mó sonraí thíos faoin gceannteideal Aistriúcháin

xiiiCaithfidh an scoil ainm, dáta breithe agus seoladh aon dalta a chur ar fáil d’Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte má lorgaíonn sí iad.



Critéir Roghnúchain - Le bheith curtha i bhfeidhm nuair atá nios mó iarratais ná áiteanna ar fáil sna Naíonáin Shóisearacha

Tá dhá rang de Naíonáin Shóisearacha i nGaelscoil Chill Dara. Socraíonn an Bord Bainistíochta cé mhéad páistí a bheidh sna ranganna sin. Ni thabharfar tosaíocht (príoracht) ach do dhá ghrúpa páistí nuair atá áiteanna á gcur ar fáil: dóibh siúd gurb í an Ghaeilhe an chéad teanga acu; nó do dheartháireacha nó do dheirfiúracha (i.e. siblín) daltaí agus iardhaltaí. Ní thabharfar an tosaíocht (príoracht) seo ach amháin sa chás go mbíonn Foirm Iarratais curtha ar ais in am don pháiste sin

Tá Foirmeacha Iarratais ar fáil ó oifig na scoile agus freisin ar an suíomh idirlín faoin gceannteideal ‘Foirmeacha’.

Chun iarratas a dhéanamh ar an tosaíocht (prioracht) seo ní mór Foirm Iarratais comhlánaithe a chur ar ais go dtí Gaelscoil Chill Dara I lár Mhí na Nollag ar a dhéanaí, sin thart ar 9 mí sula mbíonn an páiste le tosú ar scoil. Nuair a chuirtear an Fhoirm Iarratais ag lorg na tosaíochta (an phriorachta) seo isteach déanach cuirfear ainm an pháiste ag deireadh an liosta iarrthóirí, agus beifear ag déileáil leis in éineacht leis, agus ar an mbunús céanna leis na hiarratais ghinearálta eile ar fad.

Tabharfar tosaíocht (príoracht) d’aon pháiste gurb í an Ghaeilge a c(h)éad teanga, má bhíonn an fhoirm iarratais curtha ar ais in am chuí

Sa dara háit, tabharfar tosaiocht (príoracht) d’aon deartháir nó deirfiúr de pháiste atá nó a bhí cláraithe sa scoil, má bhíonn an fhoirm iarratais curtha ar ais in am chuí

Ina dhiaidh sin dáilfear áiteanna go seicheantach de réir an data ina bhfuarthas na Foirmeacha Iarratais comhlánaithe agus gur taifeadadh iad a bheith faighte ag an nGaelscoil.

I gcás pháiste a uchtaíodh le déanaí, tuigeann an Bod go bhféadfadh an páiste sin a bheith faoi mhíbhuntáiste sa mhéid is nach mbeadh na tuismitheoirí ábalta Foirm Iarratais a chur isteach níos luaithe (i.e. bliain nó dhó roimhe sin). Déiléálfaidh an Bord le h-iarratas eisceachtúil mar sin I slí tuisceanach, agus b’fhéidir go n-ainmneofar data níos luaithe do ghlacadh le Foirm Iarratais ar son an phaiste áirithe sin.. Agus é ag déanamh é sin, déanfaidh an Bord gach iarracht cothrom na féinne a thabhairt do chearta an pháiste sin agus do chearta na bpáistí atá ar an Liosta Iarratasóirí cheana féin. Ba choir do thusimitheoirí an pháiste sin an Fhoirm Iarratais comhlánaithe go hiomláin a chur ar ais chomh luath agus is féidir. Má dhéanann na tuismitheoirí moill fhada ag gabháil do seo, is féidir go bhféachfaidh an Bord ar an iarratas mar ghnáth-iarratas gan aon socraithe speisialta.

Nóta Tá rannóg ceangailte leis an bpolasaí seo a leagan amach an nós imeachta a bhaineann le páistí a chlárú sna Naíonáin Shóisearacha i nGaelscoil Chill Dara

N.B. Díríear d’aird ar an sprioc-am de lár Mhí na Nollag do na h-iarratasóirí go léir atá ag iarraidh áit a bhaint amach sna Naíonáin Shóisearacha i Mí Meán Fómhair dár gcionn.





© Copyright B Devlin | gscoilchilldara@eircom.net

Back to content | Back to main menu