Main menu:
Polasaí Scoile ar Bhobaireacht
'Sé is ciall le "bobaireacht" ná: “Rudaí a dhéanamh nó a rá chun daoine eile a ghortú arís agus arís eile”
Céard a thaispeánann dúin go mb’fhéidir go bhfuil duine faoi bhobaireacht:
Má bhíonn siad buartha faoi dhul ar scoil nó faoi dhul abhaile
Muna bhfuil siad ag iarraidh dul ar scoil
Má tá obair scoile go dona nuair a bhí sí go maith
Nuair atá duine tinn gan fáth
Ma athraíonn duine a ghiúmar gan fáth
Marcanna gan mhíniú
Má chailleann duine airgead go minic
Má bhíonn duine ag caoineadh nó ag crith gan fáth
Má bhíonn duine ag iarraidh airgid go minic
Marcanna neamh-mhínithe ar an gcorp
Muna bhfuil duine sásta labhairt faoi rudaí