Gaelscoil Chill Dara


Go to content

Polasaí Scoile i leith Mheastóireachta agus Páistí le Riachtanaisí Faoi Leith

Polasaí Scoile i leith Mheastóireachta agus Páistí le Riachtanaisí Faoi Leith (leasaithe Nollaig 2007)


Cúlra.
Bíonn an scoil i gcónaí ag iarraidh an cineál oideachais is fearr a chur ar fáil do ghach duine de na daltaí. Tá sé seo treisithe anois ag an Acht Oideachais a deir go bhfuil faoi : An act to make provision in the interests of the common good for the state, including any person with a disability or who has other special educational needs…..

Meastóireacht.
Cuirfimid na triallacha caighdeánaithe seo leanas ar na páistí as seo amach:
BIAP (Belfield Infant Assessment Test) do Naíonáin Bheaga.
MIST i Rang a hAon
Micra T i Ranganna a hAon (Díreach tar éis Nollaig agus a Trí Agus a Cúig (Ag tús na bliana)
Trial Mata Droim Connrach i Rang 2, 4(Ag deireadh na bliana) agus 6 (Ag tús na bliana)
QUEST i Rang 2 do dhaltaí áirithe
NRIT (Non-Reading Intelligence Test) i Rang a Dó
Cuireann gach múinteoir ó Rang 1 go Rang 6
scrúdú ar an méid atá déanta sa Rang sa Ghaeilge, Béarla agus Mata ag an Nollaig agus ag deireadh na bliana.

Páistí le Riachtanais faoi Leith
Má bhíonn sé le feiceáil go bhfuil riachtanais faoi leith ag aon duine ó na triallacha thuas, nó
Má cheapann an múinteoir féin go bhfuil fadhb shuntasach ag an bpáiste,

leanfaidh múinteoirí na céimeanna seo leanas :

Céim 1 : Cuireann an múinteoir ranga in iúl do thuismitheoir(í) an pháiste go bhfuil deacracht aige/aici..

Céim 2 : Cuireann an múinteoir ranga in iúl don Fhoireann Chúraim (faoi láthair Valerie., Margo, Esther, agus Seán ) le cóipeanna de na trialacha agus torthaí.

Céim 3 : Ar chomhairle ón bhfoireann chúraim glacfaidh an Príomhoide gníomhaíochtaí éagsúla ,m.s cruinniú a shocrú leis na tuismitheoir(í); An páiste a chur go dtí an Múinteoir Tacaíochta Foghlama agus/ nó scrúdú Síceolaíochta a shocrú.

Teagmháil Oifigiúil idir Mhúinteoirí agus Tuismitheoirí

Bíonn teagmháil rialta idir thuismitheoirí agus múinteoirí. Déanann tuismitheoirí coinne le múinteoirí trí glaoch ar oifig na scoile.
Buaileann gach múinteoir le tuismitheoirí na bpáistí atá ina rang mar chomhbhuíon ag tús na bliana
Iarrtar ar gach tuismitheoir teacht isteach chun buaileadh leis an múinteoir i Mí Feabhra
Eisítear tuairisc scoile faoi ghach dalta i Mí Eanáir…….Deireadh



© Copyright B Devlin | gscoilchilldara@eircom.net

Back to content | Back to main menu