Gaelscoil Chill Dara


Go to content

Polasaí um Chosaint Leanaí


Polasaí um Chosaint Leanaí : Gaelscoil Chill Dara

Réamhráiteas
Tá foireann, tuismitheoirí agus bainistíocht Ghaelscoil Chill Dara tar éis polasaí ar chaomhnú páístí leanaí atá ag teacht le treoirlínte reatha na Roinne Oideachais agus Eolaíochta agus na Roinne Sláinte agus Leanaí a fhorbairt agus a ghlacadh.
Pléann an polasaí seo le freagrachtaí na scoile sna réimsí seo a leanas:-
Caomhnú trí sholáthar churaclaim
Nósanna imeachta - nósanna imeachta maidir le hábhair imní / nochtadh eolais
Cleachtas – barrchleachtas um chaomhnú páistí
Cuirfear cóip den pholasaí seo ar fáil do gach ball foirne mar aon le:
Treoirlínte agus Cur Chuige um Chaomhnu Páistí (2001)
An Roinn Oideachais agus Eolaíochta
ar fáil ar líne ag
www.education.ie agus
Children First – Treoirlínte Náisiúnta do Chosaint agus Leas Leanaí
An Roinn Sláinte agus Leanaí
ar fáil ar líne ag: www.dohc.ie.
Tá sé mar dhualgas ar gach ball foirne é/í féin a chur ar an eolas maidir leisnna treoracha seo.

Aidhmeanna
Is iad na haidhmeanna atá ag an bpolasaí seo ná
Timpeallacht shlán, iontaobhach, freagrúil agus comhbhách a chruthú
Oideachas ar scileanna sábhailteachta pearsanta a dhíríonn go sainiúil ar chaomhnú páistí a chur ar fáil do gach páiste sa scoil
Feasacht agus freagracht ar chosaint leanaí a fhorbairt i measc phobal uile na scoile
Nósanna imeachta don dea-chleachtas a chothú chun na leanaí agus an fhoireann a chosaint
A dheimhniú go mbíonn eolas agus tuiscint ag foireann uile na scoile ar na treoirlínte ‘Leanaí ar dTús’ agus ar na treoirlínte agus na nósanna imeachta maidir le himní nó nochtadh eolais faoi mhí-úsáid páistí a chur in iúl.
Oiliúint leanúnach a chur ar fáil don fhoireann sa ghnó seo.



Cosaint
Is iad na cláir Bí Sábháilte, Misneach agus OCG na príomhfhoinsí a bhíonn in úsáid in ár scoil chun oideachas a chur ar pháistí maidir le caomhnú ó mhí-úsáid. Tá na cláir seo á múineadh mar chuid de churaclam OSPS na scoile faoin tsnáithe Sábháilteacht agus Cosaint (Sábháilteacht Phearsanta).
Nuair a thosaíonn na cláir i rith na scoil bhliana cuirfear sin in iúl do na tuismitheoirí. Déanfar ceachtanna foirmiúla an chláir Bí Sábháilte a theagasc go hiomlán gach dara bliain mar atá leagtha síos i bplean timthrialla dhá bhliana an OSPS. Déanfar ceachtanna OCG i ngach rang i mí Eanáir agus ceachtanna Fan Slán nó Misneach i ngach rang roimh laethanta saoire na Cásca.

Tá cóipeanna de na cláir seo ar fáil ar líne ag ,
www.education.ie, agus www.walktall.ie.

Déanfaidh an fhoireann gach iarracht a dheimhniú go ndéanfar daingniú ar na teachtaireachtaí atá sna cláir aon uair a bhíonn sé caothúil é sin a dhéanamh.

Cleachtais:
Leanfaidh an fhoireann go léir (múinteoirí, cúntóirí riachtanas speisialta, foireann tacaíochta, rúnaíochta, feighlíochta srl.) sa scoil seo na moltaí don tuairisciú ar ábhair imní nó ar nochtadh eolais mar atá luaite i ‘Leanaí ar dTús’ agus i ndoiciméad na Roinne Oideachais agus Eolaíochta, ‘Treoirlínte agus Cleachtais um Chaomhnú Páistí’.
.

Tá Bord Bainistíochta na scoile seo tar éis Seán De Paor(príomhoide na scoile) a cheapadh mar Dhuine Ainmnithe Idirchaidrimh (DAI) agus Caitríona Ní Dhúnaí( an príomhoide tánaisteach) mar Leas-Dhuine Ainmnithe Idirchaidrimh.
Ba chóir d’aon duine, (tuismitheoir, ball foirne..7rl) a bhfuil aon bhuairt faoi leith air/uirthi ó thaobh chosaint nó chaomhnú páiste an bhuairt sin a chur in iúl don DAI nó Leas DAI. Déanfaidh an DAI agus an Leas DAI aon ábhar imní a iniúchadh agus a scagadh de réir treoracha na Roinne thuasluaite.

Nósanna Imeachta:


Aithníonn foireann agus Bord Bainistíochta na scoile na réimsí seo a leanas mar réimsí a bhfuil gá faoi leith ag baint leo maidir le caomhnú páistí. Tá na nithe seo leanas go háirithe aitheanta tar éis comhphlé le tuismitheoirí, an fhoireann agus an Bord Bainistíochta
Teagmháil fhisiceach: Ní dhéantar teagmháil fisiceach le páistí ach amháin nuair nach bhfuil is gá. m.s. chun sábháilteacht an pháiste a chinntiú

Cuairteoirí / Aoichainteoirí: Den chuid is mó is iad na baill foirne a mhúinfidh na cúrsaí OSPS, ach ó am go h-am, nó muna bhfuil an múinteoir ábalta aon chúrsa a mhúineadh, is ceadmhach daoine seachtracha oiriúnacha a thógáil isteach sa scoil chun labhairt le na daltaí

Leanaí a bhfuil cúnamh leithris /riachtanais cúram pearsanta: Fágtar seo faoin múinteoir ranga i gcomhair le tuismitheoirí an dalta agus an cúntóir riachtanais speisialta

Timpistí leithris: Tá stoc d’éadaí glana sa stóras. Má tá páistí trí chéile cuirtear fios ar thuismitheoirí.

Teagasc duine ar dhuine: Ní ceadmhach do mhúinteoir / teagascóir bheith ina (h) aonar le dalta i seomra leis an doras dúnta.

Éadaí a athrú do Chluichí/ Corpoideachas/ Snámh: Athraítear éadaí sna seomraí gléasta cuí. Ní ceadmhach do mhúinteoir / teagascóir bheith sna seomraí seo le páiste aonarach.

Earcú agus roghnú na foirne: Cuirtear scéim ‘scagadh’ na nGardaí Síochána i bhfeidhm nuair atá baill nua foirne á n-earcú

Iompar ginearálta: Tá cód iompair i bhfeidhm sa scoil. Ar fáil ag www.gaelscoilchilldara.com

Feitheoireacht na ndaltaí: Bíonn múinteoir i gcónaí ag déanamh feitheoireachta ar dhaltaí

Úsáid idirlín – Tá Polasaí Úsáid Inghlactha ag an scoil– clúdaíonn sé grianghraif, daltaí a aithint etc. Tá an polasaí seo ar fáil ag www.gaelscoilchilldara.com

Cé go ndéanfar gach iarracht cloí leis an gcleachtas is fearr, de réir mar a leagtar amach thuas, má tharlaíonn i gcásanna neamhghnácha nó eisceachtúla nach mbíonn sé indéanta ná praiticiúil an cleachtas thuasluaite a chur i bhfeidhm ba chóir don mhúinteoir(agus / nó aosach eile) cuntas iomlán d’aon eachtra den tsórt a scríobh agus a chur in iúl don phríomhoide gan aon mhoill.



Líomhaintí nó Amhras i leith Mhí-úsáid Páistí ag Fostaithe Scoile
Déanfaidh an Bord tagairt faoi leith do na forálacha i gcaibidil 4 de ‘Treoirlínte agus Cur Chuige um Chaomhnú Paistí ón Roinn Oideachais agus Eolaíochta nuair atá sé ag déileáil lena leithéid de tharluithe. Tabharfaidh an Cathaoirleach éifeacht iomlán ar bhealach tráthúil do na forálacha díreacha atá leagtha amach i bhfo-roinn 4.3 ‘An beart atá le déanamh ag an gCathaoirleach’, agus go háirithe, suntas a dhéanamh de fo-roinn 4.3.2 a chuireann iachall ar an gCathaoirleach cóip den líomhain scríofa agus aon doiciméid ábharthach eile a chur ar fáil go díreach don fhostaí. Ba chóir é seo a dhéanamh chomh luath agus is féidir agus pé scéal é roimh aon chruinniú nó cruinnithe den Bhord Bainistíochta a bheadh ag déileáil leis an gcás.

Baineann fo-roinn 4.4 – ‘Iarobair bhreise de dhíth’, leis an ní atá á thabhairt os comhair an Bhoird Bainistíochta. Ar eagla aon amhrais, caithfidh an Cathaoirleach agus an Príomhoide a chinntiú go gcuirtear an fostaí ar an eolas i gceart faoin gcruinniú den Bhord atá ag teacht agus go bhfaigheann sé/ sí cuireadh bheith i láthair ag an gcruinniú, agus bheith i láthair nuair atá gach eolas faoin gcás á thabhairt do bhaill an Bhoird. Is féidir leis an bhfostaí duine / daoine oiriúnach(a) a bheith in éineacht leis/léí nó chun ionadaíocht a dhéanamh ar a s(h)on. In ainneoin an chirt atá ag an bhfostaí duine a bheith i láthair chun cuntas cruinn beacht a dhéanamh ar an gcuid sin den chruinniú ag a bhfuil an fostaí i láthair aige /aici cuirfidh an Bord cóip de na miontuairiscí ar fáil dó/di chomh fada agus a bhaineann siad leis an gcás. Beidh an nós imeachta seo i bhfeidhm i dtaca le gach cruinniú den Bhord ag a dhéantar tagairt don chás.

Foinsí Gaolmhara.
Cosaint: Curaclam OSPS, Snáithaonad ‘Sábháilteacht agus Cosaint’,
Cód Iompair na Scoile


Nósanna Imeachta:
Ráiteas Sláinte agus Sábháilteachta.


Cleachtas: Turais Scoile / Imeachtaí lasmuigh
TEC – Polasaí Úsáide Inghlactha
Athbhreithniú
Déanfaidh an Bord Bainistíochta ábhar agus cur i bhfeidhm an pholasaithe seo a athbhreithniú ó am go chéile sna blianta amach anseo.
Déanfaidh an fhoireann an polasaí scoile sa réimse seo a athbhreithniú go tráthrialta agus déanfar aird gach ball foirne nua a dhíriú ar an bpolasaí scoile seo.
Deimhneoidh an Bord Bainistíochta go gcuirfear soláthar cuí oiliúna agus tacaíochta ar fáil don fhoireann de réir mar is gá.

Cuireadh an polasaí seo le chéile i gcomhar le tuismitheoirí, foireann mhúinteoireachta agus Bord Bainistíochta Ghaelscoil Chill Dara agus glacadh leis ina dhiaidh sin ag cruinniú an Bhoird:__25ú Eanáir 2010__

Sínithe: _______________________ Cathaoirleach

Comhsínithe:____________________ Rúnaí


Breis Eolais: Tabhair faoi deara go bhfuil polasaithe uile na scoile ar fáil ar shuíomh idirlín na scoile: www.gaelscoilchilldara.com


© Copyright B Devlin | gscoilchilldara@eircom.net

Back to content | Back to main menu