Main menu:
Polasaí Úsáide Inghlactha
Is é aidhm an Pholasaí Úsáide Inghlactha a chinntiú go bhfaighidh daltaí buntáistí as na deiseanna foghlama as acmhainní Idirlín na scoile ar bhealach sábháilte agus éifeachtach. Féachtar ar úsáid agus rochtain Idirlín mar acmhainn agus mar phribhléid scoile. Mura gcomhlíontar polasaí AUP na scoile mar sin tarraingeofar siar an phribhléid agus gearrfar smachtbhannaí cuí - mar atá leagtha amach san AUP.
Tá sé i gceist go ndéanfaidh ionadaithe scoile agus tuismitheoirí athbhreithniú gach bliain ar an AUP. Sula síneofar é ba chóir an AUP a léamh go cúramach lena léiriú go dtuigtear agus go nglactar le coinníollach na húsáide.
Cruthaíodh an leagan seo den AUP mí Aibreáin 2005 ag Seán de Paor agus Mairéd Ní Ghormáin, Ie comhairle ón mBord Bainistíochta.
……………………………………………………………………………..……………
Straitéis na Scoile
Bainfidh an scoil leas as roinnt straitéisí chun cur chomh mór agus is féidir le deiseanna foghlama agus le rioscaí a bhaineann leis an Idirlíon a laghdú. Is iad na straitéisí na cinn seo a leanas:
Go Ginearálta
Beidh múinteoir i gcónaí ag maoirsiú seisiúin Idirlín.
Bainfear leas as bogearraí scagtha agus/nó córais chomhionainn chun an riosca a bhaineann do nochtadh d'ábhar míchuí a laghdú go dtí go mbeidh an córas Broadband do scoileanna I bhfeidhm. Déanfaidh an scoil monatóireacht rialta ar úsáid idirlín na ndaltaí.
Cuirfear oiliúint ar fáil do dhaltaí agus do mhúinteoirí maidir le sábháilteacht Idirlín.
Ní cheadófar íoschóipeáil nó uaslódáil a dhéanamh ar bhogearraí nach mbeidh ceadaithe.
Bainfear leas as bogearraí cosanta víreas agus tabharfar é cothrom le dáta go rialta.
Beidh cead ón múinteoir riachtanach chun dioscaí flapacha pearsanta nó CD-ROMann a úsáid sa scoil.
Cleachtóidh na daltaí dea “netiquette” (i.e., etiquette ar an Idirlíon) ag gach tráth agus ní thabharfaidh siad faoi aon ghníomh a tharraingeiodh droch-cháil ar an scoil.
An Gréasán Domhanda
Ní rachaidh mic léinn chuig láithreáin Idirlín ar a mbeidh ábhair ghraostacha, mídhleathacha, fuatha nó a bheidh míchuí ar bhealach eile. Is chun críocha oideachais amháin a bhainfidh daltaí úsáid as an idirlíon.
Beidh eolas ag daltaí ar cheisteanna cóipchirt a bhaineann le foghlaim ar líne.
Ní dhéanfaidh daltaí nochtadh nó foilsiú ar eolas pearsanta.
Beidh a fhios ag daltaí go bhféadfadh aon úsáid lena n-áirítear eolas a dháileadh nó a fháil, cibé obair scoile nó nithe pearsanta a bheith faoi mhonatóireacht ó thaobh ghníomhaíocht neamhghnách, slándáil, nó cúiseanna bainistíochta gréasáin.
Ríomhphost
Úsáidfidh daltaí cuntais ríomhphoist cheadaithe faoi mhaoirseacht nó cead múinteora.
Ní sheolfaidh agus ní bhfaighidh daltaí aon ábhar a bheidh mídhleathach, graostach ná míchlúiteach nó a bhfuil sé i gceist leis cur as do dhuine eile nó imeaglú a dhéanamh air.
Ní fhoilseoidh daltaí a sonraí pearsanta féin ná sonraí daoine eile, nithe mar sheoltaí nó uimhreacha fóin nó picitiúir.
Ní shocróidh daltaí cruinniú casadh go fisiciúil le haon duine.
Tabharfaidh daltaí ar aird gur faoi réir chead óna múinteoir a fhéadfaidh daltaí aguisíní le ríomhphoist a fháil agus a sheoladh.
Gréasán Scoile
Tabharfar deis do dhaltaí tionscadail, obair ealaíne nó obair scoile a fhoilsiú ar an nGréasán Domhanda.
Déanfaidh múinteoir comhordú ar fhoilsiú obair daltaí.
Foilseofar obair dhaltaí i gcomhthéacs oideachais ar leathanaigh Gréasáin le fógra cóipchirt a choscfaidh cóipeáil obair den sórt sin gach cead sonrach i scríbhinn.
Tá cead grianghraif dhigiteacha, clipeanna éisteachta nó físe de dhaltaí aonair agus de dhaltaí i ngrúpaí a fhoilsiú ar an ngréasán scoile. Díreoidh grianghraif agus clipeanna éisteachta agus físe ar ghníomhaíochtaí grúpaí. Ní ainmneofar daltaí nó ní fhoilseofar aon sonraí teagmhála. D'fhéadfadh clipeanna físe cosaint pasfhocal a bheith ag dul leo.
Fágfar amach eolas pearsanta faoi dhaltaí mar sheoladh baile agus sonraí teagmhála den leathanach gréasáin scoile.
Beidh úinéireacht ag daltaí fós ar an gcóipcheart ar aon obair a fhoilseofar.
Reachtaíocht
Soláthróidh an scoil eolas ar an reachtaíocht seo a leanas maidir le húsáid an Idirlín agus ar chóir do dhaltaí, do mhúinteoirí agus do thuismitheoirí dul i dtaithi uirthi:
An tAcht um Gháinneáil ar Leanaí agus Pornagrafaíocht Leanaí 1998
An tAcht Tascartha 1993
An tAcht um Fhístaifeadtaí, 1989
An tAcht um Chosaint Sonraí 1988
Struchtúir Thacaíochta
Cuirfidh an scoil eolas ar fáil do dhaltaí agus do thuismitheoirí faoi phríomhstruchtúir agus eagraíochtaí tacaíochtaí a bhíonn ag déileáil le hábhar mídhleathach agus úsáid dhochrach an Idirlín.
Smachtbhannaí
D'fhéadfadh gníomh disciplíne teacht as mí-úsáid a bhaint as an Idirlíon, lena n-áirítear tarraingt siar pribhléidí rochtana agus i gcásanna tromchúiseacha fionraí nó díbirt. Tá sé de cheart ag an scoil freisin aon ghníomhaíochtaí mídhleathacha a thuairisciú chuig na húdaráis chuí.