Main menu:
Obair na bpáistí > Obair na bpáistí 2008/09
Dia dhaoibh,
Seo roinnt dár gcuid oibre le déanaí. Sa rang eolaíóochta bhíomar ag fiosrú faoin mbáisteach agus ag foghlaim faoin eitilt. Dheineamar heileacaptair páipéar chun eitilt a thuiscint níos fearr. Do Oíche Shamhna mhaisigh muid an seomra ranga. Tharraingíomar pictiúir agus muid ag éisteacht le píosa ceoil le Mark Knopfler. Bhí scéalta difriúla ag gach duine don phíosa ceoil. Chuir sé muid ag smaoineamh faoin bhfarraige, faoi stoirm, faoi bogha báistí agus faoinár gcairde Niamh agus Cian. Dheineamar dráma den scéal Oisín i dTír na nÓg sa halla.
Slán go fóill,
Rang a 3, Emer






Fáilte rómhaibh chuig Rang a 3 Emer.Tá 23 againn sa rang. D'fhág beirt ón rang anuraidh: Liam agus Barry, ach thosaigh Ornait linn. Is é seo an chéad bhliain dúinn thuas staighre agus táimid ag baint taitneamh as go dtí seo.Seo roinnt oibre atá déanta againn go dtí seo i mbliana.
Slán go fóill,
Rang a 3 Emer

