Gaelscoil Chill Dara


Go to content

Rang 5

Obair na bpáistí > Obair na bpáistí 2007/08

Eolaíocht

Rinneamar staidéar ar sholas agus conas is féidir le solas taisteal. Níl solas in ann dul timpeall cúinne ach amháin má úsáidtear scáthán.
Chuireamar peireascóp le chéile, ag úsáid dhá scáthán agus bhí an solas in ann taisteal ón bpoll ag an mbun amach an poll ag an mbarr.
An t-aon rud atá in easnamh againn anois ná an fomhuireán.



Stair: An Renaissance.

Tá Rang 5 ag déanamh stáideir faoi láthair ar an Renaissance! Sin tréimhse sa stair nuair a tháinig an-chuid smaointe nua isteach san ealaín, san eolaíocht, sa sochaí agus san ailtireacht.
Thosaigh sé san Iodáil thart ar an 14ú aois. Bhí ealantóirí cosúil le Leonardo da Vinci agus Michelangelo.


Seo pictiúr de Leonardo da Vinci:

Seo an pictiúr cailiúil, An Mona Lisa, a rinne sé:

Seo plean a rinne Leonardo da Vinci ag dearadh eitleáin:

Seo samplaí den ailtireacht álainn, Ard-Eaglais Naomh Peadar:

Ealaín

Seo roinnt pictiúir a rinne na páistí i Rang 5. Ní raibh cead againn pinn luaidhe nó dathanna a úsáid.
Bhí orainn éadach amháin a úsáid chun an pictiúr a chur le chéile. Bhaineamar an taitneamh as!
Nach bhfuil siad go deas.



© Copyright B Devlin | gscoilchilldara@eircom.net

Back to content | Back to main menu