Gaelscoil Chill Dara


Go to content

Seachtain Eolaíochta

Gníomhaíochtaí Eolaíochta

Ag cur síolta le Rang 2 Mairéad

Fullscreen viewBackPlayNext

Rang 5 Aoife

Maisíní Simplí
Painéal Gréine

Fullscreen viewBackPlayNext

Droichead a Dhearadh Mairéad

Fullscreen viewBackPlayNext

Héileacaptar Páipéir

Fullscreen viewBackPlayNext
Fullscreen viewBackPlayNext

Caitriona Rang 3

Fullscreen viewBackPlayNext

Criostail a Fhás

RANG Rang 4 Rang 6
SCILEANNA Ag breathnóireacht, Ag imscrúdú.
CUSPÓIRÍ Ábhair : Ábhair agus athrú
NASCADH Tíreolaíocht Imshaoil nádúrtha, Carraigeacha agus ithreacha
FEARAS Sóid aráin, tartar geal (nó Bextartar) (le fáil san ollmhargadh), dabhach plaisteach,
spúnóg phlaisteach, uisce fuar, babhla d
uisce te ón mbuacaire. Lionsa méadaithe chun
breathnú ar na criostail.
ULLMHÚCHÁN Bailigh na hábhair.
CÚLRA EOLAÍOCHTA Tá cuid mhaith solad déanta as a lán criostal.
Tá a lán cruthanna éagsúla agus a lán méideanna éagsúla ag criostail. Uaireanta ní
féidir iad a fheiceáil mar bíonn siad róbheag nó bíonn siad greamaithe le chéile. Má
bhreathnaíonn tú ar shiúcra le lionsa méadaithe is féidir na criostail a fheiceáil. Bíonn
cuma ciúbanna beaga gloine orthu. Cuirimid criostail bheaga de shalann ar ár mbia. Is
dócha gurb iad na diamaint na criostail is áille ar fad. Bíonn siad ag spréacharnach sa
solas mar go bhfuil aghaidheanna míne glana orthu.
Tá patrúin rialta ag criostail agus tá seacht bpríomhchruth ann.
Bíonn an cruth céanna ag criostail den ábhar céanna i gcónaí.
Chun criostail mhaithe a dhéanamh ní mór tuaslagán tiubhaithe den ábhar a ullmhú,
is é sin caithfidh tú leanúint ag cur ábhair san uisce go dtí nach dtuaslagann a
thuilleadh ann. Uaireanta má chuireann tú criostal beag den ábhar sa tuaslagán
oibríonn sé mar
shíol chun criostail níos mó a fhás.
SPRIOC CHEISTEANNA Ceistigh na páistí chun an comhthéacs a bhuanú.
Cad is criostal ann? Deán cur síos ar chriostal? (Substaint a mbíonn cuma rialta air).
An bhféadfá sampla de chriostal a thabhairt dom? Cá mbeadh criostail ar fáil sa
bhaile? (salann, siúcra, sóid níocháin (tabhair aire leis seo), seoda)
Cén cruth atá orthu?

Roicéad a Dhéanamh

RANG
Rang a ceathair go a sé
SCILEANNA Ag tástáil
NASCADH Béarla/Gaeilge:
Is féidir roicéid agus spás a úsáid mar théama do stíleanna
éagsúla scríbhneoireachta ar spás
Tíreolaíocht
Amharcealaíona
ÁBHAR Ábhair agus athrú
Fórsaí
ÁBHAIR / FEARAS Boiscín plaistic scannáin le clúdach, táibléad sioscadh ar bith ar nós
Alka-Seltzer nó Vitamin C a léann, Blu-tack, uisce
ULLMHÚCHÁN Bailigh na hábhair agus bain triail as an ngníomhaíocht roimh ré.
CÚLRA Nuair a mheasctar uisce agus an táibléad scaoiltear saor an gás dé-ocsaíd charbóin.
Méadaíonn brú an dé-ocsaíd charbóin istigh sa bhoiscín go dtí go bpléascann an
boiscín ón gclúdach. Brúann an gás, atá ag éalú trí bhun an bhoiscín, é ina mhalairt
de threo. D
fhéadfadh an roicéad scinneadh suas go dtí cúig mhéadar san aer.
SPRIOC CHEISTEANNA Céard is roicéad ann? Sorcóir lán le hábhair gur féidir leo gás a tháirgeadh.
Cad chuige roicéid? Úsáidtear iad mar roicéid comharthaíochta agus chun spás
árthaigh a lainseáil le neart.
Cad a thugann fuinneamh don roicéad lainseáil? Nuair a scaoiltear gás ó chúl an roicéid
brúitear an roicéad in airde san aeir.
Is féidir le páistí balúin a shéideadh agus scaoileadh leo; Ceistigh iad faoin treo ina
ghluaiseann an t-aer agus an balún. Téann siad ar bhealaí contrártha..
Nóta: B
fhéidir go bhfuil an ghníomhaíocht Roicéad a theilgeadh déanta acu ón bPaca
Gníomhaíochtaí Ranga (Lch 45) Oibríonn an ghníomhaíocht seo ar na prionsabail chéanna.
SÁBHÁILTEACHT Bíodh gach duine idir múinteoirí agus páistí i bhfad siar ón ngníomhaíocht seo mar
imíonn an boiscín faoi luas ón gclúdach agus d
fhéadfaí dochar a dhéanamh daghaidh
nó de shúile na bpáistí. Is fearr an gníomhaíocht seo a dhéanamh lasmuigh

d
fhéadfadh sé bheith salach.

Héileacaptar Páipéir

RANG
Rang a haon go rang a sé
CUSPÓIRÍ Snáithe agus Snáithaonaid
Fuinneamh agus Fórsaí
Ba chóir go gcuirfí ar chumas an pháiste: a thuiscint gur fórsa í an domhantarraingt
OSIE: Eolaíocht leathanach 87.
Sa ghníomhaíocht seo déanfaidh na páistí iniúchadh ar an mbealach a dtiteann rudaí,
conas a bhíonn tionchar ag méid na rótar agus ag an meáchan ar an mbealach a
chasann héileacaptar páipéir.
Forbairt scileanna
Trí snáithaonaid an churaclaim eolaíochta a chríochnú ba chóir go gcuirfí ar chumas
an pháiste turgnaimh shimplí a dhearadh, a bheartú agus a chur i gcrích, athróg
amháin nó dhó agus a rialú a chur san áireamh, mar aon leis an riachtanas tascanna
agus trialacha a chur i seicheamh, OSIE: Eolaíocht
leathanach 79.
Cabhraíonn an ghníomhaíocht seo chun tuiscint a
thabairt ar cad is triail chothrom ann trí athróg amháin
(m.sh. cruth nó fad) a athrú ag an am.
Ag imscrúdú; ag tástáil; ag breathnóireacht; ag anailísiú;
ag tomhas ama; ag clárú agus ag cur in iúl.
NASCADH Matamaitic
Sonraí / Sonraí a léiriú agus a léirmhíniú
OSIE: Stair
Leanúnachas agus athrú le himeacht ama/dul chun cinn
teicneolaíoch agus eolaíoch, thar thréimhsí fada.
CÚLRA Thabharfadh sé cabhair, ach níl sé riachtanach, dá
mbeadh obair déanta ag na páistí ar conas a thiteann
rudaí (Galileo agus an tuar i bPisa a mhíníonn nach
mbíonn meáchan san áireamh).
ÁBHAIR/ FEARAS Páipéar, rialóir, fáiscíní páipéir, siosúir
Fíoraí de mhéid éagsúla
ULLMHÚCHÁN Bain triail as roinnt páipéar/cairtchlár éagsúil chun a
chinntiú go gcasann cuid acu.
CÚLRA EOLAÍOCHTA Is é cruth na rótar a chasann an héileacaptar nuair a
ligtear dó titim ó airde. Tarraingíonn domhantarraingt
an héileacaptar anuas. Cuireann an t-aer in aghaidh na
titime agus brúnn an t-aer ina gceann agus ina gceann
ar na lanna rud a chasann an héileacaptar.

Rísíní Ag Damhsa

FEARAS Próca uisce, próca de dheoch coipeach geal úr (7-Up nó sóid uisce)
Dornán rísíní
ULLMHÚCHÁN Faic
CÚLRA Tá na rísíní níos troime ná uisce agus mar sin téann siad go híochtar.
Greamaíonn bolgáin dé-ocsaíd charbóin ón deoch do na rísíní agus anois tá na
bolgáin + rísíní níos éadroime na an deoch agus éiríonn siad aníos.
Ag an dromchla éalaíonn na bolgáin agus síos leis rísíní arís chun a tuilleadh
bolgáin a bhailiú.
SCILEANNA Ag breathnóireacht
GNÍOMHAÍOCHT (Nóta: is féidir an ghníomhaíocht seo a dhéanamh mar thaispeántas fad atá
gníomhaíocht eile ar siúil).
Cuir dornán rísíní i bpróca uisce (Téann siad go híochtar).
Cuir dornán rísíní i bpróca 7-Up úr.
Téann siad go híochtar ach tar éis tamaillín tosaíonn siad ag damhsa!
SÁBHÁILTEACHT Aire leis na leachtanna
LEATHNÚ Déan na rísíní a mheá roimh an
ngníomhaíocht agus ina diaidh.
An dtugann tú aon rud faoi deara?
An féidir leat míniú a thabhairt?

Scríobh Scáthánach

FEARAS Scátháin bheaga phlaisteacha (clárach)
Páipéar bán
Pinn luaidhe
Marcóirí
ULLMHÚCHÁN Bailigh an fearas
CÚLRA Frithchaitear solas bán nuair a bhuaileann sé dromchla dealraitheach ar nós
scátháin.
Sna gníomhaíochtaí seo, nuair a fhéachann tú i scáthán is é bun an phictiúir a
bhíonn ag an mbarr agus barr an phictiúir a bhíonn ag an mbun. Mar sin tá
líníocht deacair go háirithe nuair a athraíonn tú treo.
Tá litreacha DEOCH OICHE (fág amach an síneadh fada!) siméadrach (ó bun go barr).
Tá cuma ar na gníomhaíochtaí seo go bhfuil siad éasca ach bain triail astu go
bhfeice tú!
SCILEANNA Ag imscrúdú agus ag tástáil
GNÍOMHAÍOCHT (Is fearr oibriú i mbeirteanna ag na gníomhaíochtaí seo - duine le scáthán agus an
duine eile ag scríobh. Ansin is féidir leo malartú).
Le scáthán ag seasamh go hingearach ar phíosa páipéir déan iarracht ar cruth
simplí a rianú fad atá tú ag féachaint sa scáthán.
Bain iarracht as d
ainm a scríobh agus tú ag féachaint i scáthán ingearach os do
chomhair (ná breathnaigh ar an bpáipéar).
Arís agus tú ag féachaint sa scáthán amháin an féidir leat dul timpeall an lúbra ó
thús go deireadh.
Cuir an scáthán taobh thiar de na focail ón siopa.
Tá DEOCH OICHE mar an gcéanna sa scáthán.
SÁBHÁILTEACHT Bain úsáid as scátháin phlaisteacha le fáil ó chomhlachtaí eolaíochta.


© Copyright B Devlin | gscoilchilldara@eircom.net

Back to content | Back to main menu