Gaelscoil Chill Dara


Go to content

Tacaíocht Foghlama

Tacaíocht Foghlama i nGaelscoil Chill Dara.



Prionsabail na Tacaíochta Foghlama:
Is léir dúinn i nGaelscoil Chill Dara go bhfuil baol ann go gcríochnóidh roinnt daltaí a gcuid oideachais fhoirmiúil gan taitneamh a bhaint as a dtaithí ar scoil agus gan na scileanna litearthachta nó uimhearthachta bunúsacha acu. Teastaíonn uainn deimhin a dhéanamh de go mbeidh na scileanna bunúsacha seo ag gach dalta ag fágáil na scoil dóibh. Sa bhreis air sin aithnímid go mbíonn deacrachtaí ag roinnt daltaí déileáil leis an gcuraclam trí Ghaeilge, go h-áirithe roinnt de na daltaí nár tháinig i dteagmháil leis an nGaeilge roimh theacht ar scoil dóibh. Tógaimid san áireamh mar sin na páistí sin sa chlár seo agus déanaimid ár ndícheall a gcumas sa teanga a fheabhsú chun cabhrú leo na hábhair eile ar fad a fhoghlaim trí mheán na teanga sin.

Féachaimid ar an gclár Tacaíochta Foghlama mar chlár atá bunaithe ar idirghabháil le haghaidh páistí áirithe nuair a ghlacann an scoil leis go bhfuil gá lena leithéid.

Tá na cláir tacaíochta foghlama bunaithe ar pholasaithe éifeachtacha scoile uile le rannpháirtíocht na dtuismitheoirí a dhéanfaidh iarracht:
Teip a sheachaint
Luath idirghabháil dhian a sholáthar, agus
Acmhainní a dhíriú ar na daltaí is géire gá.

Aidhm an Pholasaí
Is í an aidhm atá ag an dtacaíocht foghlama i nGaelscoil Chill Dara ná an leas is fearr a bhaint as an bpróiseas múinteoireachta agus foghlama, chun cabhrú le daltaí a bhfuil fadhbanna foghlama acu leibhéil shásúla inniúlachta sa litearthacht, san uimhirtheacht agus sa Ghaeilge a bhaint amach sula bhfágann siad an scoil.

Conas a roghnaítear páistí
Is mian linn go mbeidh oiread daltaí agus is féidir ag fáil tairbhe as an gclár Tacaíochta Foghlama. Mar sin féin toisc go bhfuil sé ráite go mbeidh sé dírithe ar na daltaí is géire gá, caithimid córas a dhearadh a chinnteoidh go mbeidh an clár in úsáid do na páistí sin.



Breathnóireacht an mhúinteora.
Má tá múinteoir ar bith ar an bhfoireann a cheapann go bhfuil dalta ina rang a bhainfeadh tairbhe as tacaíocht foghlama tá sé de chead ag an múinteoir an dalta sin a ainmniú don fhoireann chúraim. Déanann an coiste sin cinneadh faoin saghas tacaíochta a chuirfear ar fáil don pháiste.
Measúnú Foirmiúil
Tá polasaí measúnaithe ag an scoil agus caithfear aon pháiste a fhaigheann scór atá ag nó faoi an deichiú percentile a chlárú sa chlár tacaíochta foghlama. Is féidir páistí a fhaigheann scór níos airde ná sin a chlarú chomh maith.
Tuismitheoirí
Beidh sé de chead ag tuismitheoirí a bpáistí a ainmniú don chlár Tacaíochta Foghlama má cheapann siad go bhfuil gá acu leis
Proifisiúnaithe Eile
Má mholann proifisiúnaithe ar nós síceolaithe nó teiripithe cainte gur choir do dhalta múinteoireacht bhreise a fháil déanfar sin.

Roghnú
Is e an Príomhoide, i gcomhairle leis an múinteoir ranga, an múinteoir tacaíochta foghlama, na tuismitheoirí, agus Foireann Chúram na scoile, a chinnteoidh cé h-iad na daltaí a bheidh ag glacadh páirte sa chlár Tacaíochta Foghlama

Deanfar athbhreithniú ar an liosta páistí atá ag glacadh páirte sa chlár go leanúnach

An Múinteoir Ranga
Tá an múinteoir ranga freagrach as na daltaí ar fad atá ina rang. Titeann cúram na ndaltaí le deacrachtaí foghlama ar an múinteoir ranga freisin. Nuair a roghnaítear páiste do mhúinteoireacht breise, ní foláir páirt a bheith ag an múinteoir ranga i leagan amach na spriocanna foghlama do Phróifíl agus Clár Foghlama Aonair. Ba chóir go mbeadh comhoibriú rialta idir an múinteoir ranga, an múinteoir tacaíochta foghlama agus na tuismitheoirí. Déanfaidh an múinteoir ranga idirdhealú idir páistí le deacrachtaí foghlama agus na paistí eile ó thaobh obair ranga, obair bhaile agus leabhar liosta de.

Múinteoirí Tacaíochta Foghlama
Faoi láthair tá triúr mhúinteoir tacaíochta foghlama / acmhainne lánaimseartha agus múinteoir acmhainne páirt-aimsearach ag obair sa scoil. Oibríonn Margo leis na daltaí i Ranganna Naíonáin Shinsearacha, Rang a hAon agus Rang a dó. Oibríonn Valerie leis na daltaí i Rang a Trí agus a ceathair . Oibríonn Esther le ranganna a cúig agus a sé. Déanann Anne 6.5 uair le páistí le riachtanais speisialta

Ról na dTuismitheoirí
Mar gheall ar an eolas sainiúil atá ag tuismitheoirí ar a leanbh féin, féadann siad páirt mhór a ghlacadh i gclár fóghlama an linbh” –
Treorlínte le hAghaidh Tacaíochta Foghlama 2000
Beidh comhoibriú agus idirmhalartú eolais le tuismitheoirí mar chuid lárnach d’obair na scoile le daltaí le riachtanaisí faoi Leith. Eagróidh na múinteoirí tacaíochta foghlam cruinnithe rialta le tuismitheoirí na ndaltaí atá ag glacadh páirte sa scéim agus cuirfear comhairle ar fáil faoi ghníomhaíochtaí a chabhródh leis an bpáiste.
Ní thógtar daltaí amach as na rangseomraí gan é bheidh curtha in iúl do na tuismitheoirí roimh ré.

7. Conas a chuirtear an scéim i bhfeidhm
Bainfear úsáid as trí mhodh chun an scéim a chur i bhfeidhm:
Obair i gcomhpháirt leis an mhúinteoir ranga sa rangseomra.
Obair leis na daltaí i ngrúpaí taobh amuigh den rangseomra
Obair aonair leis na daltaí sa rang seomra agus taobh amuigh de
Déantar cur síos ar na modhanna anseo thíos.
Obair sa Rangseomra
Nuair atá na daltaí aitheanta rachaidh an múinteoir tacaíochta foghlama (m.t.f.) i mbun chomhairle leis an múinteoir ranga chun clár foghlam aonair a chur le chéile. Ó am go ham rachaidh an m.t.f. isteach sa seomra chun an clár a dhéanamh leis an gdalta, nó chun cabhair eile a thabhairt dó/di.
Is féidir go mbeidh an m.t.f. ag obair le daltaí eile sa seomra freisin.
Grúpaí taobh amuigh den Rangseomra
Tarlóidh sé ar chúiseanna éagsúla go mbeidh an m.t.f. ag obair leis na páistí i mbuíonta beaga taobh amuigh den rang seomra. Tá dhá sheomra curtha ar leataobh thuas staighre don obair seo. Chomh maith eagróidh an m.t.f. turasanna oideachais do na daltaí le riachtanais fóghlama faoi leith ó am go chéile. Táthar ag súil go mbeimid ábalta féin-mhuinín na ndaltaí a fhorbairt mar sin.
Obair aonair
Oibreoidh na m.t.f. le roinnt daltaí ar bhonn aon le h-aon. Tárlóidh an obair seo sna rangseomraí mar chéad rogha, ach más gá beidh ceachtanna i seomraí na m.t.f freisin. Coimeadfar na tuismitheoirí ar an eolas faoi obair mar seo agus ní bheidh aon dalta ina (h)aonar i seomra le múinteoir ar bith agus an doras dúnta.

8. Acmhainní
Cuirfear oiread acmhainní agus is féidir ar fáil don chlár tacaíochta foghlama. Íocann an Roinn Oideachais agus Eolaíochta deontas bliantúil don scoil ach cuirfidh an Bord Bainistíochta leis an méid sin chun na háiseanna is nua-aimsearaí agus is fearr a chur ar fáil. Beidh ríomhaire i ngach ceann de na seomraí tacaíochtaí foghlama, agus é ceangailte leis an idirlíon.

9. Athbhreithniú
Déanfar an polasaí seo a athbreithniú go rialta, uair gach dhá bhlian ar a laghad.








© Copyright B Devlin | gscoilchilldara@eircom.net

Back to content | Back to main menu